Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/61

This page has been proofread.

AN GADAIḊE

BÁ dár sgaoileaḋ malraiġ an Ġuirt Ṁóir amaċ ó sgoil, tar éis imṫeaċta soir do ṁuinntir Ġlinne Ċaṫa agus do ṁuinntir Ḋoire an Ḃainḃ, d’ḟan muinntir an Turlaiġ agus muinntir Inḃir le sgaṫaṁ cainnte do ḃeiṫ aca roiṁ sgaraḋ ḋóiḃ ag bóṫar Ros na gCaoraċ. Tá teaċ an ṁáiġistir go díreaċ ag ceann an ḃóṫair, a ċúl leis an gcnoc agus a aġaiḋ ar Loċ Eileaḃraċ.

“Ċuala mé go raiḃ meaċa an ṁáiġistir ag éirġe,” adeir Micilín Ḃeairtle Éanna.

“Teanna uait isteaċ sa ngarrḋa go mbreaṫnuiġeaḋ muid orṫa,” adeir Daraċ Ḃairbre an Droiċid.

“Ní leigfeaḋ an faitċíos ḋom,” arsa Micilín.

“Cia an faitċíos atá ort? adeir Daraċ.