Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/65

This page has been proofread.

57

sin, agus do luiġ sé ar a leabaiḋ gan paidir. Ní ḟéadfaḋ sé gníoṁ croiḋe-ḃrúiġṫe do ḋéanaṁ mar ní go fírinneaċ d’ḟéadfaḋ sé a ráḋ le Dia go raiḃ brón air fá’n bpeacaḋ sin. Is minic do sgannruiġ sé san oiḋċe ar n-a ṡaṁluġaḋ ḋó go raiḃ Neans ḃeag ag teaċt ag iarraiḋ na bábóige ar Eiḃlín, go raiḃ an máiġistir ag cur na gadaiḋeaċta ina leiṫ os coṁair na sgoile, go raiḃ urċur iongantaċ beaċ ag éirġe ina ċoinne agus Daraċ Ḃairbre an Droiċid agus na gasúir eile dá ngríosaḋ le gárṫaiḃ béil agus le ceol drumaí. Aċt ar maidin lá ar n-a ḃáraċ aduḃairt sé leis féin: “Is cuma liom. Cuirfiḋ an ḃábóg biseaċ ar Eiḃlín.”

Nuair do ċuaiḋ sé ċum sgoile d’ḟiafruiġ na gasúir ḋe cad ċuige ar imṫiġ sé i gan ḟios an tráṫnóna roiṁe sin agus é tar éis a ġeallaṁna ḋóiḃ go ndéanfaḋ sé faire.

“Mo ṁáṫair a ċuir fios orm,” arsa Antoine. “Ḃí gnaiṫe aici ḋíom.”

Nuair ṫáinig Neans ḃeag isteaċ sa sgoil d’ḟéaċ Antoine uirṫi ós íseal. Do ṡíl sé uirṫi go raiḃ sí tar éis ḃeiṫ ag gol; do ċeap sé go ḃfaca sé rian na ndeor ar a plucaiḃ. An ċéad uair do ġlaoiḋ an máiġistir ina ainm air do ġeit sé, óir do ṡíl sé go raiḃ sé ar tí an ċoir do ċur ina leiṫ nó ceist do ċur air i dtaoiḃ na