Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/66

This page has been proofread.

58

bábóige. Níor ċuir sé isteaċ lá ċoṁ dona leis an lá sin riaṁ ar sgoil. Aċt nuair do ċuaiḋ sé a ḃaile agus nuair do ċonnaic sé biseaċ maiṫ ar Eiḃlín, agus í ina suiḋe aniar sa leabaiḋ de’n ċéad uair le mí agus an ḃábóg fáisgṫe le n-a huċt aici, ar seisean leis féin: “Is cuma liom. Tá an ḃábóg ag cur bisiġ ṁóir ar Eiḃlín.”

Ar a leabaiḋ ḋó san oiḋċe do ḃí droċ-ḃrionglóidí aige arís. Do ċeap sé go raiḃ an máiġistir tar éis a innste do na pílears gur ġoid sé an ḃábóg, agus go raiḃ na pílears ar a ṫí; do ṡíl sé uair aṁáin go raiḃ pílear i ḃfolaċ fá’n leabaiḋ agus go raiḃ ceann eile ar n-a ċromaḋ fá sgáṫ brait na fuinneoige. Do sgread sé ós árd trí n-a ċodlaḋ.

“Céard tá ort?” adeir a aṫair leis.

“An pílear atá ar ṫí mo ġaḃṫa,” arsa Antoine.

“Níl tú aċt ag raḃailleaċt, a ġasúir,” arsa a aṫair leis. “Níl aon ṗílear ann. Téiriġ a ċodlaḋ ḋuit féin.”

Ba dona an saoġal ag an duine boċt é as sin amaċ. Do ṡíleaḋ sé go mbítí ag síneaḋ méir ċuige agus é ag siuḃal an ḃóṫair. Do ṡíleaḋ sé go mbítí ag craṫaḋ an ċinn agus ag ráḋ le n-a ċéile, “Sin gadaiḋe,” nó, “Ar ċuala tú céard a rinne Antoine Ṗáraic Uí Ṁainín? A babóg a ġoid ó Neans ḃig an ṁáiġistir. Anois