61
Antoine ar Neans fá ċeilt. Do ḃí a ḋá súil greamuiġṫe sa mbábóig, óir do ḃí an ḃábóg ina luiġe go seasgair sa leabaiḋ le hais Eiḃlín. Do ḃí a béal leaṫ ar osgailt aici, agus iongnaḋ an doṁain uirṫi fá ráiḋtiḃ Eiḃlín agus a máṫar.
“Is ar éigin ċreid mé Antoine nuair a ṫug sé isteaċ ċugam í,” arsa Eiḃlín, “agus nuair d’innis sé ḋom gur ċuir tú ċugam mar ḃronntanas í.”
D’ḟéaċ Neans anonn ar Antoine. D’árduiġ Antoine a ṡúile go mall agus d’féaċadar isteaċ i súiliḃ a ċéile. Ní ḃéiḋ a ḟios go deo céard do léiġ Neans i súiliḃ Antoine. Is é an rud do léiġ Antoine i súiliḃ Neans, an trócaire, an ḃáiḋ, agus an ṁilseaċt. Do laḃair Neans le hEiḃlín.
“An dtaiṫniġeann sí leat?” ar sise.
“Ó, taiṫniġeann ṫar cionn,” adeir Eiḃlín. “Is fearr liom í ’ná aon rud dá ḃfuil agam ar an doṁan.”
“Tá teaċ beag agam ina gcoṁnuiġeaḋ sí,” arsa Neans. “Caiṫfiḋ mé a ċur ċugat le n-a haġaiḋ. Tiuḃraiḋ Antoine ċugat i mbáraċ é.”
“Óra!” arsa Eiḃlín, agus í ag bualaḋ a ḋá boisín beag tanaiḋe le n-a ċéile.
“Ḃeaḋ sé mór agat, a ġráḋ,” arsa máṫair Eiḃlín le Neans.
“Ní ḃeaḋ,” arsa Neans. “Cuirfiḋ sé biseaċ