Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/78

This page has been proofread.

70

“An ḃfeiceann tú duine ar biṫ ag tiġeaċt anoir an bóṫar?” ar sise.

“Ní ḟeicim,” arsa mise.

“Ċeap mé go ḃfaca mé duine eicínt. Ní féidir go ḃfuil mé ag dul amuġa. Féaċ, naċ ṡin fear óg ag déanaṁ orainn anoir?” ar sise.

“Ḋeaṁan a ḃfeicim-se ḋe,” arsa mise. “Níl duine ar biṫ idir an spota ’na ḃfuilmid agus casaḋ an ḃóṫair.”

“Ḃí mé ag dul amuġa mar sin,” ar sise. “Níl m’aṁarc ċoṁ maiṫ agus a ḃí lá. B’ḟacṫas dom go ḃfaca mé ag tiġeaċt é. Níl a ḟios agam céard tá ’ġá ċoingḃeáil".

“Cia tá amuiġ uait?” adeirim féin.

“Mo ṁac atá amuiġ uaim,” ar sise.

“Ḃfuil sé i ḃfad amuiġ?”

“Ar maidin indiu a d’imṫiġ sé go hUaċtar Árd.”

“Aċt, ar ndóiġ, ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ annso go fóill,” arsa mise. “Ṡílfeá gur’b ar éigin a ḃeaḋ sé i nUaċtar Árd faoi so, agus a ḋíċeall a ḋéanaṁ, munab ar ṫraen na maidne a d’imṫiġ sé ó’n Teaċ Dóiġte.”

“Céard so tá mé a ráḋ?” ar sise. “Ní indiu a d’imṫiġ sé aċt indé,—nó aṫruġaḋ indé, b’ḟéidir. . . . Tá mé ag cailleaḋ mo ṁeaḃraċ.”

“Má’s ar an traen atá sé ag tiġeaċt,” arsa