75
“Cá raiḃ tú nuair a rug an múr báistiġe ort, a Ċóilín?” arsa mo ṁáṫair liom an oiḋċe sin. “Ní ḋearna sé aon ḃríġ.”
“D’ḟan mé ’tiġ na sean-ṁná údan taoḃ ṫoir de Ḋroiċead na Glaise Duiḃe,” arsa mise. “Ḃí sí ag cainnt liom i dtaoiḃ a mic. Tá sé i nUaċtar Árd le cúpla lá, agus níl a ḟios aici ’tuige nár ṫáinig sé a ḃaile roiṁe so.”
D’ḟéaċ m’aṫair anonn ar mo ṁáṫair.
“An Ḃean Ċaointe,” ar seisean.
“Cia hí féin?” adeirim-se.
“An Ḃean Ċaointe,” arsa m’aṫair. “Múirne na gCaoineaḋ.”
“’Tuige ar tugaḋ an t-ainm sin uirṫi?” arsa mise.
“I ngeall ar na caointiḃ ḃíos sí a ḋéanaṁ,” d’ḟreagair m’aṫair. “’Sí an ḃean ċaointe is mó cáil i gConamara ná i nDúṫaiġ Ṡeoiġe í. Cuirtear fios uirṫi i gcoṁnaiḋe nuair a cailltear duine. ’Sí a ċaoin m’aṫair-se, agus tá seans gurab í a ċaoinfeas mé féin. Aċt, go ḃfóiriḋ Dia uirṫi, is iad a mairḃ féin ḃíos sí a ċaoineaḋ i gcoṁnaiḋe, is cuma cia an corp ḃíos sa teaċ.”
“Agus céard tá a mac a ḋéanaṁ i nUaċtar Árd?” arsa mise.
“Cailleaḋ a mac fiċe bliaḋain ó ṡoin, a Ċóilín,” arsa mo ṁáṫair.