76
“Níor cailleaḋ ’ċor ar biṫ é,” arsa m’aṫair, agus aġaiḋ an-duḃ air. “MARḂUIGEAḊ é.”
“Cia ṁarḃuiġ é?”
Is annaṁ do ċonnacas m’aṫair agus fearg air, aċt b’uaṫḃásaċ í a ċuid feirge nuair d’éiriġeaḋ sí ḋó. Do ḃain sé geit asam nuair do laḃair sé arís, do ḃí sé ċoṁ borb sin.
“Cia ṁarḃuiġ do ṡean-aṫair féin? Cia ḃain an ḟuil dearg as guailniḃ mo ṡean-ṁáṫar-sa le laisg? Cia ḋéanfaḋ é aċt na Gaill? Mo ṁallaċt ar——”
D’éiriġ mo ṁáṫair agus do ċuir sí a láṁ le n-a ḃéal.
“Ná taḃair do ṁallaċt d’aon duine, a Ṡeaġáin,” ar sise. Do ḃí mo ṁáṫair ċoṁ carṫannaċ sin nár ṁaiṫ léiṫi an droċ-ḟocal do ċaiṫeaṁ leis an diaḃal féin. Creidim go raiḃ truaiġe aici ina croiḋe do Ċáin, agus do Iúdás, agus do Ḋiarmaid na nGall. “Tá sé i n-am againn an Paidrín a ráḋ,” ar sise. “Innseoċaiḋ t’aṫair ḋuit i ngeall ar Ċóilín Ṁúirne oiḋċe eicínt eile.”
“A aṫair,” arsa mise agus sinn ag dul ar ar nglúnaiḃ, “cuireaḋ muid paidir le anam Ċóilín anoċt.”
“Cuirfimid sin, a ṁaicín,” arsa m’aṫair go mín.