Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/85

This page has been proofread.

77

II

Oiḋċe áirneáin san ngeiṁreaḋ do ḃí ċugainn d’innis m’aṫair sgéal Ṁúirne ḋúinn ó ṫús deireaḋ. Is maiṫ is cuiṁin liom é ina ṡuiḋe i lóċrann na teine, fear leaṫan-ġuailneaċ aċt é beagán crom-ṡlinneánaċ, a ċuid gruaige ag liaṫaċain, ruic i gclár a éadain, féaċain ḃrónaċ ina ṡúiliḃ. Do ḃí sé ag cur caoi ar ṡean-tseol an oiḋċe sin, agus do ḃíós-sa ar mo ġlúnaiḃ le n-a ais i a-ainm ’s a ḃeiṫ ag cuidiuġaḋ leis. Do ḃí mo ṁáṫair agus mo ḋeirḃṡiúraċa ag sníoṁaḋ bréidín. Do ḃí Seaġáinín sínte ar a aġaiḋ ar an urlár agus é i ngreim i leaḃar. Aċt ba ḃeag í a áird ar an leaḃar céadna, mar is é an caiṫeaṁ aimsire do ḃí aige ḃeiṫ ag cur dinglise i mbonnaiḃ mo ċos-sa agus ag baint corr-líomóige as mo ċolpaíḃ; aċt de réir mar do ḃog m’aṫair amaċ sa sgéal do ċaiṫ Seaġáinín uaiḋ a ċuid leibideaċta agus ba ġearr go raiḃ sé ag éisteaċt lem’ aṫair ċoṁ aireaċ le duine. Ba ḋeacair gan éisteaċt lem’ aṫair nuair d’innseaḋ sé sgéal mar sin cois teallaiġ. Ba ḃinn an sgéalaiḋe é. Is minic do ċeapainn go raiḃ ceol ina ġlór; ceol íseal uaigneaċ mar atá i n-andord an orgáin i n-árd-teampall na Tuama.

Tá sé fiċe bliaḋain caiṫte, a Ċóilín (arsa m’aṫair), ó’n oiḋċe a raiḃ mé féin agus Cóilín