Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/88

This page has been proofread.

80

D’ól Cóilín an gloine. Níor laḃruiġeaḋ a ṫuilleaḋ.

“Tá sé i n-am againn ḃeiṫ ag giorruġaḋ an ḃóṫair,” arsa Cuimín tar éis sgaṫaiṁ ḃig.

Ḃogamar linn. Ṫugamar bóṫar an ḃaile orainn féin. Ḃí an oiḋċe duḃ. Ní raiḃ fonn cainnte ar ḋuine ar biṫ againn. Nuair ṫáinig muid go dtí ceann na sráide ṡeas Cuimín i lár an ḃóṫair.

“Cá ḃfuil Cóilín Ṁúirne?” ar seisean.

Níor airiġ muid uainn é gur laḃair Cuimín. Ní raiḃ sé sa gcoṁluadar.

Ċuaiḋ mé féin ar ais go dtí an teaċ ósta. Ní raiḃ Cóilín ann. Ċeisniġ mé fear an tsiopa. Duḃairt sé gur ḟág Cóilín agus an fear duḃ an siopa le ċéile cúig nóimeat tar éis imṫeaċt dúinne. Ċuarduiġ mé an baile mór. Ní raiḃ sgéal ná sguan faoi Ċóilín, i n-áit ar biṫ. D’ḟág mé an baile mór agus lean mé na fir eile. Ḃí súil agam go mb’ḟéidir go mbeaḋ sé ar faġáil roṁam. Ní raiḃ, ná a ṫuairisg.

Ḃí sé an-ḟada san oiḋċe nuair a ṡroiċ muid Droiċead na Glaise Duiḃe. Ḃí solus i dtiġ Ṁúirne. Ḃí Múirne féin ina seasaṁ sa doras.

“Dia ḋíḃ, a ḟearaiḃ,” ar sise ag gaḃáil ṫairsti ḋúinn. “Ḃfuil Cóilín liḃ?”