Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/89

This page has been proofread.

81

“Níl, muis’,” arsa mise. “D’ḟan sé ’nar hdiaiḋ i nUaċtar Árd.”

“Ar ḋíol sé?” ar sise.

“Ḋíol, go maiṫ,” arsa mise. “’Ċuile ṡeans go ḃfanfaiḋ sé ar an mbaile mór go maidin. Tá an oiḋċe duḃ agus fuar innti féin. Naċ mbeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat dul isteaċ agus luiġe síos?”

“Ní fiú ḋom,” ar sise. “Fanfaiḋ mé im’ ṡuiḋe go dtigiḋ sé. Go luaṫaiḋ Dia liḃ.”

D’imṫiġ linn. Ḃí mar ḃeaḋ ualaċ ar mo ċroiḋe. Ḃí fiatċíos orm go raiḃ rud eicínt tar éis baint de Ċóilín. Ḃí droċ-aiṁreas agam as an ḃfear duḃ úd . . . Luiġ mé ar mo leabaiḋ tar éis teaċt a ḃaile ḋom, aċt níor ċodail mé.

Maidin lá ar n-a ḃáraċ ḃí mé féin agus do ṁáṫair ag iṫe breicfeasta nuair a baineaḋ an laiste de’n doras, agus isteaċ le Cuimín Ó Niaḋ. Ní raiḃ tarraingt na hanála ann.

“Cia an sgéal atá leat, a ḋuine?” arsa mise.

“Droċ-sgéal,” ar seisean. “Marḃuiġeaḋ an tiġearna aréir. Fríoṫ ar an mbóṫar é míle taoḃ ṫoir d’Uaċtar Árd agus piléar trí n-a ċroiḋe. Ḃí an t-arm i dteaċ Ṁúirne ar maidin ag tóraiḋeaċt Ċóilín, aċt ní raiḃ sé ann. Níor ṫáinig sé a ḃaile fós. Deirtear gurab eisean

F