Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/91

This page has been proofread.

83

báiníní air. Cóilín Ṁúirne a ḃí ann agus é gaḃṫa ag an arm. Ḃí éadan an ḃuaċalla ḃoiċt ċoṁ bán le mo léine, aċt ḃí an ceann áluinn croċta go huaiḃreaċ aige, agus níor ceann claḋaire an ceann sin.

Tugaḋ go dtí an ḃearaic é agus an sluaġ sin dá ṫionnlacain. Tugaḋ go Gailliṁ an oiḋċe sin é. Cuireaḋ faoi ṫriail é an ṁí a ḃí ċugainn. Mionnuiġeaḋ go raiḃ sé sa teaċ ósta an oiḋċe úd. Mionnuiġeaḋ go raiḃ an fear duḃ ag cur síos ar na tiġearnaíḃ talṁan. Mionnuiġeaḋ gur ḟuagair sé go mbeaḋ an tiġearna ag teaċt an oiḋċe sin le daoine a ċaiṫeaṁ amaċ as a seilḃ lá ar n-a ḃáraċ. Mionnuiġeaḋ go raiḃ Cóilín Ṁúirne ag éisteaċt go haireaċ leis. Mionnuiġeaḋ gur ḋuḃairt Cóilín na focla úd, “é ’ṁarḃuġaḋ anoċt,” nuair aduḃairt Cuimín Ó Niaḋ “cia an ċaoi is féidir cosg a ċur leis an mbodaċ?” Mionnuiġeaḋ gur ṁol an fear duḃ é as uċt na focla sin a ráḋ, gur ċraiṫ sé láṁ leis, gur ól siad gloine le ċéile. Mionnuiġeaḋ gur ḟan Cóilín sa tsiopa tar éis imṫeaċt do ṁuinntir Ros na gCaoraċ, agus gur ḟág sé féin agus an fear duḃ an siopa le ċéile cúig nóimeat ina ḋiaiḋ sin. Ṫáinig pílear annsin agus ṁionnuiġ sé go ḃfaca sé Cóilín agus an fear duḃ ag fágáil an ḃaile ṁóir agus naċ é