89
fuiṫi. “Má tá Múirne Ní Ḟiannaċta beo,” adeirim-se liom féin, “is í atá ann.” Baḋ í, ’d eile. Síos liom go bóṫar.
“’Sé do beaṫa a ḃaile, a Ṁúirne,” adeirim léiṫi. “Ḃfuil aon sgéal leat?”
“Tá, a ṁainín,” ar sise, “sgéal maiṫ. Ċuaiḋ mé go Gailliṁ. Ċonnaic mé Goḃarnor an ṗríosúin. Duḃairt sé liom naċ ḃféadfaḋ sé aon ḃlas a ḋéanaṁ, gurab iad muinntir Ḃaile Áṫa Cliaṫ d’ḟéadfaḋ a leigean amaċ as an bpríosún má ḃí a leigean amaċ le faġáil. D’imṫiġ mé orm go Baile Áṫa Cliaṫ. A Ṫiġearna! naċ iomḋa bóṫar cruaiḋ cloċaċ a ṡiuḃail mé, is naċ iomḋa baile mór breaġ a ċonnaic mé sul ar ṫáinig mé go Baile Áṫa Cliaṫ. “Naċ mór an tír í Éire,” adeirinn liom féin ’ċuile ṫráṫnóna nuair a hinnsiġtí ḋom go raiḃ an oireaḋ so de ṁíltiḃ le siuḃal agam sul a ḃfeicfinn Baile Áṫa Cliaṫ. Aċt, buiḋeaċas mór le Dia agus leis an Maiġdin Ġlórṁair, ṡiuḃail mé isteaċ ar ṡráid Ḃaile Áṫa Cliaṫ sa deireaḋ tráṫnóna fuar fliuċ. Fuair mé lóistín. Maidin lá ar n-a ḃáraċ ċuir mé tuairisg an Ċaisleáin. Cuireaḋ ar an eolas mé. Ċuaiḋ mé ann. Ní leigfiḋe isteaċ mé i dtosaċ, aċt ḃí mé leo go ḃfuair mé cead cainnte le fear eicínt. Ċuir seisean go fear eile mé, fear a