91
n-éinḟeaċt léiṫi. Ṫarraing an ḃean píosa coróineaċ amaċ agus ṫug dom é. Ṫug mé an píosa coróineaċ ar ais di, agus duḃairt mé naċ airgead a ḃí uaim aċt mo ṁac. Rinne siad gáire. ’Sé mo ḃaraṁail nár ṫuig siad mé. Ṫaisbeán mé an páipéar dóiḃ arís. Leag an t-oifigeaċ a ṁéar ar na focla a ḃí sé ṫar éis sgríoḃṫa. D’uṁluiġ mé do’n Ḃainríoġain agus d’imṫiġ liom. Léiġ fear dom na focla a sgríoḃ an t-oifigeaċ. ’Sér’d a ḃí ann go sgríoḃfaiḋe ċugam i dtaoiḃ Ċóilín gan ṁoill. Ḃuail mé an bóṫar a ḃaile annsin agsúil go mb’ḟéidir go, mbeaḋ litir roṁam. Meas tú, a Ṡeaġáin,” arsa Múirne ag críoċnuġaḋ a sgéil di, “an ḃfuil aon litir ag an sagart? Ní raiḃ litir ar biṫ sa teaċ roṁam ag teaċt amaċ an bóṫar ḋom aċt tá mé ’ceapaḋ gur ċuig an sagart a cuirfiḋe an litir, mar tá seans go mbeaḋ a eolas ag na daoiniḃ móra.”
“Níl a ḟios agam ar ṫáinig aon litir,” arsa mise. “Déarfainn nár ṫáinig, mar dá dtiocfaḋ ḃeaḋ an sagart ḋá innseaċt dúinn.”
“Béiḋ sí annso lá ar biṫ feasta,” arsa Múirne. “Gaḃfaiḋ mé isteaċ ċuig an sagart ar ċuma ar biṫ, agus innseoċaiḋ mé mo sgéal dó.
Isteaċ an bóṫar léiṫi agus suas an t-árd go dtí teaċ an tsagairt. Ċonnaic mé ag dul a