Page:An t-oileanach.djvu/103

This page has been validated.

X

An saoghal ag gluaiseacht

Inghean na mná béal-dorais, um Inid, scéalta cleamhnais agus póstaí, adhmad raice, an máighistir rinnce, an duine uasal grinn, Ó Duinnshléibhe file.

Lá Domhnaigh tháinig bád isteach ó Dhúnchaoin. Bhí bean uasal innti. N’fheadair aenne ciarbh í féin nó gur tháinig sí ameasc na gcos aca. Cia bheadh ann ná inghean na mná béal-dorais.

Níor stadadh de chrothadh lámh léi nó gur dhóigh leat gur cheart dóibh a bheith scartha ó’n ngualainn. Bhí hata ornáideach uirthi agus cúpla cleite cocálta anáirde as. Slabhra buidhe óir so-fheicsionta ó’n dtaobh amuich d’á cuid éadaigh. Scáth gréine ’n-a láimh. Tuin ar a teangain, pé aca ’n-a Ghaoluinn nó ’n-a Bhéarla an chainnt.

Do bhí cúpla comhra mór lán de gach sórt aici, agus rud dob’ fhearr ná iad go léir, sparán d’ór na Stát aici agus í go seana-chríonna chun a bhailithe.

Níorbh’ fhios ciarbh é searrach na deagh-lárach, dar ndóigh. Ar shon na balcaisí deagh-mhaiseach do bheith uirthi ní raibh istigh ionnta ach an deilbh. Níor mhór an tsruth riamh í agus tar éis di seacht mbliana a thabhairt i dtír an allais ba mhí-chrotúla ná san í. Do lean a lán go dtí an seanntán tighe do bhí aca í. Do bhí buidéal d’uisce beatha aici agus mar ba sheana-mhná is mó do lean í, ní ró fhada go raibh sean-amhráin na Mumhan ar siubhal agus moladh ar an té tháinig agus rud aici chúcha. Do chaitheadar an lá gan biadh ná

(93)