bhain le biadh agus annlan ann agus sluagh mór chun a chaithte. Do bhí hocht mbarraile leanna duibhe ann agus ní raibh deor ar thóin aon chinn aca ar maidin. An uair a bhí deire le gach ní do thug gach nduine aghaidh ar an mbaile.
Ar theacht go bruach an chalaith i nDúnchaoin dúinn ní fhágfadh na faoilinn í. Do bhí tarrac ag dul anáirde ar an bhféar glas is gach cuas agus cumar agus b’éigean dúinn fanúint amuich an lá san, agus lár-na-mháireach agus lár-na-mhanathar agus lár-na-mhainiris, agus lá agus fiche thabhairt amuich má’s é do thoil é agus gan an lá san féin le moladh. Is dócha nár thug cuid aca aon deagh-ghuidhe do’n bpósadh—do bhíodar comh clipithe sin.
Do mhair sí tamall ann. Ceathrar clainne bhí aici nuair a cailleadh í.
Ar theacht abhaile dhúinn do bhí an t‑oileán lán de raic. Do bhí an Tráigh Bhán lán de bhíomaí, déil dhearg agus déil bhán, cláracha bána, smut de’n luing raice, cathaoir, stól, ubhla agus gach ní. Do bhí dhá cheann déag de bhíomaí ag an mbád go raibh m’athair innti. Do bhí níos mó agus níos lugha age n‑a thuille aca.
An bád go rabhas-sa ag teacht ó’n dtír innti do bhuail bíoma breagh linn treasna an Bhealaigh. Téadán do bhí insa tseol dob éigean dúinn do chur ’á tharrac mar ná raibh aon téad insa bhád. Tar éis dúinn é chur ar an dtráigh do thugamair ár n‑aghaidh chun na fairrge arís. Do bhuail dhá bhíoma go h‑obann linn i n‑aice le ’chéile. Do bhí cheithre fichid troigh i gceann aca agus timcheall d’á réir. Dubhairt na daoine gurbh’ é an bíoma ba bhreaghtha do tháinig ar an dtráigh le cuimhne aon duine bhí suas é.
Do bhíomar gan aon bhiadh fós ó itheamair cúpla scailiún práta i nDúnchaoin an mhaidean san nó gur tháinig dubh na h‑oidhche agus do bhí hocht gcinn de bhíomaí sábhálta againn san am san. B’iad san an saothar neamh-thairbheach. A deich-fichead a bhí de bharr an chinn mhóir againn. Fiche púnt a raghadh an bíoma san aimsir an Chogaidh Mhóir.