agus na mná óga am’ thabhairt amach mar do bhí rinnce maith go leór agam san am san. Do bhí rinnce age m’athair agus bhíodh sé ’á mhúineadh dhom roimis an máighistir rinnce. Bhíodh na mná críona, go mór mór, am’ bhreith ar an úrlár leo agus d’á dheascaibh sin do bhínn ar bog-mheisce gach oidhche ar feadh na seachtaine ag teacht abhaile dhom. Pé duine fuair aon tsuaineas ann ní mise é mar ba chomh-luath ag rinnce agus ag amhrán agus ag portaireacht me, mar do bhíos im’ fhear cliste insan am úd!
Do bhí fuaireann dhá bháid ó Uibh Ráthach ag iascach ghliomach an bhliain chéadna agus iad ’n‑a gcomhnaidhe i mBeiginis agus seanntán thall aca ann agus fear ó Shasana i n‑éineacht leo. Cé go mbíodh na fir bhochta cortha tar éis seilg an lae do bhainidís amach tigh na scoile gach oidhche agus do bhí an rinnceóir ortha dob’ fhearr a sheasaimh ar chlár riamh. Is mó gloine do fuair sé. Do bhí an portaire ar na fir céadna agus níorbh’ fhearr leat aon ghléas eile ceoil ná é.
Níor sheasaimh an deoch i rith na seachtaine féin mar shíl sé. Do chuir sé bád agus fir go dtí an áit ba ghiorra dho agus thug leis oiread eile. Do bhí cuimhne aige ar an seachtain an fhaid a mhair sé, ní foláir, agus age gach nduine eile bhí páirteach sa scléip.
Do chuir sé mórán déirce go dtí an Blascaod tar éis dul abhaile dho agus do chuir sé púnt tobac go dtí an file Duinnshléibhe. Níor leig an file siar air féin é mar dhein sé amhrán molta do ’n‑a dhiaidh sin.
Tar éis an duine uasal, an Báiréadach, d’fhágaint an Oileáin, an Inid do bhí chughainn tháinig scéala cleamhnais chun an Rí ó Dúnchaoin. Ní raibh teideal an Rí an uair sin aige ach mar sin féin ní rabhadar go h‑olc as. Is deárthach gur mó scéala eile tháinig chuige mar ba bhreágh an fear é féin san am úd.
Do bhí fleadh agus féasta ar an bpósadh, dar ndóigh, agus a raibh ann go maith chun é chaitheamh, idir bhiadh agus dhigh. Ar bheith ag dul abhaile dhóibh d’iompuigh an bád ortha ag an