Page:An t-oileanach.djvu/108

This page has been validated.
98
An t‑Oileánach

gcalath sa Bhlascaod. Bhí beirt aca fúithe istigh. Nuair a deineadh iad d’fhuascailt ní raibh ionnta ach an dé. Mná leanbh do bhí ag crúdh a gcuid bainne cích’ agus ’á chur le spíonóig ortha; ach tar éis uair a chluig do bhíodar ag casadh ar fheabhas.

Do bhí cheithre pósadh eile i nDúnchaoin an oidhche bhí sé i dtigh an Rí sa Bhlascaod agus is beag nár mhairbh an paróiste a chéile. Níorbh iongnadh san agus an bheóir go léir ann agus an méid asmhachán do bhí eatartha le fada ’bhlianta roime sin ba anois an t‑am chun iad a chur i bhfeidhm. Tar éis achrainn na h‑oidhche b’éigean seisear aca a chur go dtí an t‑Óispidéal agus ní ró éascaidh a thánadar as. Fear a buaileadh le buidéal, fear eile le cloich. Fuair duine aca buille mar fuair Eoghan Ruadh le tlú na teine ó bheantighe aca. Cailleadh Eoghan ach mhair so.


Le linn mise bheith im’ fhear óg iseadh bhí an file Duinnshléibhe ag déanamh a chuid amhrán sa Bhlascaod. Áit bheag iseadh an t‑Oileán, dar ndóigh, agus bhíodh coidreamh dlúth gach aon lá sa mbliain againn go léir ar a chéile, ins na tighthe nó sa chnoc nó ar an bhfairrge.

Theastuigh uaim dul ag baint dorn móna, lá, mar do bhí an lá ana-bhreagh agus gan mórán de’n tseana-mhóin ar ár láimh insan am chéadna. Do phreabas liom an doras amach agus ramhan néata agam i bhfearas agus i bhfaobhar; agus, cé ná rabhas i bpearsain cosúil le h‑aenne d’Fhiannaibh Éireann féin, ní rabhas le cáineadh im’ cháilíocht féinig. Bhíos mear, tapaidh, deigh-eolais.

Do chuireas chun bóthair i gcoinnibh an chnuic gan luas anáile, gan crampa i gcois, gan freangadh i láimh, gan tinneas i gcroidhe nó gur shroicheas lanntán, dar liom, go raibh mianach maith ann agus oiread im’ thimcheall di agus a dhéanfadh mo ghnó. Do bhí faobhar chun gnótha orm agus chun saothair a dhéanamh.

Toisc ná raibh aon gadsáidi a bhéarfadh mo dhinnéar