chugham insa tigh agam ach an bheirt aosta do bhuaileas féin chugham cannta maith aráin ar maidin, arán cruaidh buidhe go maith de mhin ghairbh, ach go raibh sé geal lasmuich le plúr ar nós mar a bheadh aol fé thigh; buidéal pínt bainne ó chois na bó agus tuairim gearra-phráta maith d’ailp ime; agus cé ná fuil na neithe seo le moladh anois aca chun bidh, ba shásta do bhíos-sa leo an uair úd, mar do bhí muileann béil chun a meilte agam.
Ach dob’ fhada ó’n bhfuadar chun obair a chur chun cinn an lá san mé. Ní ró fhada bhíos i dtosach mo ghreise agus faobhar chun gnótha orm an t‑am gur bhuail an file Seán Ó Duinnshléibhe chúgham agus ramhan fé n‑a ascail aige chun cos mhóna do bhaint é féin agus cuid mhaith eile do ghluais mar é chun portaigh, mar do bhí an lá go h‑aoibhinn agus gan mórán de’n tseana-mhóin ann an uair sin aca gan a bheith dóighte.
Ní dóigh liom go raibh file riamh le moladh chun aon obair saotharach eile a chur chun cinn ach an fhilíocht amháin agus dob’ in ionbhadh age Seán é. Tá sórt deimhniú agam ar an méid sin mar gach uair d’á dtugaim féin fé ranna a chur le chéile, ó’s minic déanta agam é, níor mhaith ar bhuidhinn ná ar mhachaire me an fhaid a bheidís idir lámha agam.
“Seadh,” arsan file liom, ’á chaitheamh féin ar an túrtóig, “nach mór an obair duit a bheith ag baint mhóna a leithéid do lá comh te leis. Suidh tamall,” ar seisean, “tá an lá so fada agus beidh fionn-fhuar’ tráthnóna ann.”
Ní rabhas ró bhuidheach d’á chómhrádh ach gur bhuail náire me gan suidhe ’n‑a theannta. Rud eile, thuigeas, mara mbeadh an file buidheach díom, go ndéanfadh sé aor orm ná beadh ar fónamh agus me i mbéal mo thugtha amach san am san. Do shuidheas ’na theannta.
“Seadh,” arsan file, “an chéad amhrán a dheineas riamh b’fhéidir ná fuil sé agat. ’Sí ‘An Chaora Odhar’ an chéad cheann a cheapas riamh agus fáth maith agam le n‑a dhéanamh, maidir le h‑olc.”
Cad deire leis ná gur thosnuigh le gach focal do rádh dhi