Page:An t-oileanach.djvu/110

This page has been validated.
100
An t‑Oileánach

agus é sínte siar ar shlait a dhroma. Túrtóg de mhín-fhraoch thíos fé agus teas agus brothall ó lonnradh na gréine ag teacht anuas ó’n spéir fhíor-ghorm ghlan do bhí ós ár gcionn an uair sin ag tabhairt teasaidheachta do’n taobh a bhí os a chionn de’n bhfile.

Do mholas an t‑amhrán go crannaibh na gréine cé go raibh sé am’ ghriogadh go nimhneach ar shlí eile, am’ choimeád ó’n ngnó tábhachtach a chuireas romham ar maidin a bheith déanta agam. Do bhí cosc curtha age sámsaireacht an fhile leis.

“Beidh an t‑amhrán ar lár,” ar seisean, “mara bprioctar suas é. An bhfuil aon rud id’ phóca agat go scríobhfá síos é?”

An té ná bíonn an t‑ádh ’n‑a bhóthar ar maidin, agus Dia leis, níl sé i gcumas an pheacaigh bhoicht féin mórán do dhéanamh. Dhá ualach sean-asail de mhóin níor thuit le Tomás bocht an lán san go raibh an saothar mór beartaithe aige le déanamh; agus do bhí an lá úd ar na chéad laetheannta riamh gur bhraitheas an saoghal ag teacht im’ choinnibh, mar ’seadh bhí lá liom agus cúig lá im’ choinnibh as san amach.

Níorbh’ ar mhaithe leis an bhfile fuaireas mo pheannluaidhe agus páipéar éigin a bhí im’ phóca ach ar eagla go dtabharfadh sé aghaidh a ghairbh-bhéil orm féinig agus do chromas ar bhreacadh síos mar leigeadh seisean as a bhéal. Ní insa teangain seo do bhíos ag scríobh’ mar ná rabhas oilte uirthi insan am san.

Ní raibh puinn suilt ag baint liom le n‑a linn sin. Níorbh iongantas san—fear go raibh gnó fuaimeantúil ar siubhal ar maidin aige agus anois é curtha i leath-taoibh age gnó gan áird. Ar oscailt a bhéil do’n fhile do bhí sleabhac ar a bhéal ag leigeant na gotha amach. Do breacas síos mar fhéadar ar slí a thug sruth-mheabhair dom ar an amhrán agus rud eile má raghadh focal ar iarraidh féin uaim ní raibh an ceann ródaidhe ró fhada uaim agus eisean go h‑éascaidh chun smut d’á shaoghal a chaitheamh ’á chur i dtuiscint dom, dá mbeadh an tseisreach sa bhfód aige féin.