gnó agam-sa teip im’ chuid féin de’n scéal gan í fhriotháilt i dtaobh an tsagairt. D’fháisceas suas me féin, agus do bhí sáspan bainne te age m’ mháthair an fhaid do bhíos ’á dhéanamh. Do shloigeas siar é agus cannta aráin, agus amach an doras liom.
Do ráinig liom a bheith ar na chéad fhir do shroich an calath, ach bhí fear ar fhear ag teacht nó go rabhamair le chéile. Bhí an mhaidean breagh bog, ach go raibh sí dorcha. B’eo linn nó gur shroicheamair Dúnchaoin; agus chuaidh mac na mná breóite fé dhéin an tsagairt go Paróiste an Fhirtéaraigh, agus dailtín eile i n‑éineacht leis.
Do bhí an lá ’á mheilt, agus ní raibh cú ná teachtaire ag teacht; ach fé dheire, agus an lá maol, tháinig an sagart agus gan aon phioc de thuairisc na beirte eile aige, ó ghlaodar go luath insa lá air. Chuireamair an bád go dtí an t‑uisce, thógamair an sagart, agus as go bráth linn chun na fairrge go dtí an Blascaod. Níorbh’ fhada ó thalamh do bhíomair san am gur thuit scailp cheóigh ná feicfeá méar do chur id’ shúil, ach do bhíomair ag rámhaidheacht ar feadh i bhfad, ach ní raibh radharc ar thalamh ná ar thigh againn. Do bhíomair comh fada san ag obair gur bhuail tuirse sinn agus do bhí fhios againn go rabhamair amú agus nárbh’ aon mhaith dhúinn a bheith ag obair agus do stadamair suas ar fad. Ansan d’fhiafruigh an sagart dínn an raibh an scéal tabhartha suas againn. Dubhramair leis go raibh, go mbeadh an talamh againn fadó mara mbeadh sinn a bheith amú. Do mhúscail an sagart a leabhar agus insan am san, súil d’ár thug fear éigin, do chonnaic sé cloch nó stocán, agus do b’eo linn fé n‑a dhéin, ach, mo léir, do bhíomair trí mhíle ar seachrán.
Seadh, do thug sé sórt breacadh air féin nó gur bhaineamair an caladh amach, agus do bhí an tráthnóna ann an uair seo. Níor mhór an mhoill do dhein an sagart san am go raibh sé orainn arís, agus do b’eo linn insa tsiubhal arís. Do bhí an chonntráth ann san am go rabhamair amuich. Súil d’ár thug