Page:An t-oileanach.djvu/115

This page has been validated.
105
An t‑Oileánach

fear éigin, cad do chífeadh sé ná an dá dhailtín i n‑imeall an chladaigh, agus fuil ’n‑a slaoda ortha, ó bheith ag tuitim agus ag éirghe le barr dighe; ach cad é an tábhacht duine aca ach an fear go raibh a mháthair le béal báis, mac na caillighe? Do chasamair ar an dtigh, agus ní raibh an lá ’n‑a shaoire againn, ach oiread le lá an éisc mhóir.

Seo mar bhíonn saoghal an duine ’á mheilt, agus meiltear a lán de ar bheag tairbhe. Bhí mo sheachtain caithte agam gan móin, an rud do chuireas rómham ’n‑a tosach—ach go raibh dorn maith éisc agam.

Cúpla lá do mhair an bhean liath ’n‑a dhiaidh sin. B’in obair eile arís: dul go dtí an baile mór agus neithe oiriúnacha do thabhairt as chun an tóraimh. Is gnáthach gur b’iad an mhuinntir a thugann an sagart chun cinn, a thugann an tóramh leo. Leis sin, níor imigh an cúrsa i gan fhios domh-sa, dar ndóigh; mar tháinig an mac go béal an dorais. Ní h‑é an t‑eiteach thugas uaim, dar ndóigh. B’eo linn sa tsiubhal, bád mór an tsaidhne againn, hochtar fear againn, cheithre mhaide rámha, beirt ar gach maide de thrí cinn aca, fear aonair ar an maide eile, agus fear ’á stiúradh. Do shroicheamair Dúnchaoin, do sholáthair sé capall ann, agus do b’eo leo chun bóthair, triúr fear sa chairt, beirt ó’n oileán agus fear an chapaill, agus bean ’n‑a dteannta. Sean-nós iseadh bean do bheith i dtreó gach tóraimh.

D’fhanas i nDúnchaoin. Ar a shon ná rabhas ag cainnt, do cheapas ná béadh an capall age baile go h‑obann. Ach do bhí.

Bhí tóramh maith ar an gcailligh comh maith leo. Bhí piúnt leanna duibhe, leis, le fagháil ann, agus gloine ’bhiotáile.

Bhí an lá gur tógadh amach í ana-bhreagh ach go raibh a h‑áit dúthchais achar maith ó bhaile, i dteampall Fionntrágha. Bhí tigh tábhairne insa pharóiste sin, agus ba ghnáth-bhéas age lucht sochraide babhta óil do dhéanamh ann. Do chuaidh ár bhformhór-na, leis, an lá so ann. An fear nár chuaidh, do bhí sé ag baint an tighe amach, agus é déanach go leór san am go raibh sé bainte amach againn. D’fhan an chuid eile insa