Page:An t-oileanach.djvu/117

This page has been validated.
107
An t‑Oileánach

D’á dhéine do chuadar orm, níor chuireadar chun feirge ná chun uilc me, dar ndóigh. Do b’ait an rud dom dá gcuirfidís. Isé mire na h‑óige do bhí ag cur ortha; agus, darnó, nárbh’ é mo cheart-sa an spréach chéadna do bheith ag baint liom féin; mar ba mhó fear óg mar me gurbh’ fhearr leis iad so do bheith ag imirt air ná a raibh de mhóin ar na sléibhte.

Ceann des na laetheannta ’n‑a dhiaidh seo, sé sin, an lá go rabhas chun deire do bheith agam leis an móin go dtí an aith-bhliain, pé mhairfeadh, cad do bhuailfeadh chugham ná an gasra céadna ban óg. Ag tiomáint ba abhaile do bhídís, agus crosa ag baint leo ’n‑a theannta san. Do fuaireadar amach me gan amhras. B’eo chugham láithreach iad, ag caitheamh urchar agus ag déanamh gach cros. Toisc gurbh’ é an clousúr agam féin ar bhaint na móna é, dubhart liom féin go gcaithfinn an chuid eile den tráthnóna ag súgradh leo. Ní raibh aon duine den seisear go sméidfinn uirthi ná go raghadh liom go toilteanach chun buan-cheangal do bheith eadrainn; ach pé duine go raibh mo shúil-se uirthi san am san, níorbh air aenne de’n seisear é. Ba chuma san—níorbh aon urchar millte liom tamall grinn do bheith agam ortha; rud is go raibh, go díreach. Pé tuirse do bhí orm d’imigh sé dhíom, mar do thugadh an seisear féin fé chéile go minic, agus ba chomh-luath ’n‑a seasamh iad nó leagaithe age n‑a chéile agus mise aca.

Is fada do bhí cuimhne ar an dtráthnóna úd agam, agus tá fós. Dubhairt an t‑údar: “Is aicme iad na mná nách fearrde duine bhíonn leo”; agus do b’in ionbhadh agam-sa é, mar do chuireadar ar seachrán óm’ ghnó as san amach me.

Fé mar tá luaidhte agam i dtaobh na n‑óg-bhan so gur baoghalach ná raghadh mo ghnóthaí chun cinn go ceann achair maith d’á ndeascaibh, bhíos fíor; mar, an uair do chonnac de mhuin mairc a chéile an tráthnóna úd iad seadh do buaileadh im’ aigne ná beadh aon ghnó ba thairbhighe dhom ná ceann d’á sórt do shroichstint mar mhnaoi dom féin agus an t‑am agam an uair sin.