Seadh, bhí mo choileán deas scartha liom agus ba choileán deas féin é. Ainm deagh-cháiliúil air agus sinn dulta go dtí Fianna Éireann chun í sholáthar do. Oscar a thugaimís air. Do bhí saothar an lae i leath-taoibh ag an gcoileán orm agus do bhain sé óm’ threóir agus ó’n bhfuadar a bhí fúm gan ró mhoill. Do chromas ar ísliú síos agus ar ghliúcaidheacht isteach fé chab na lice agus timcheall órlach de bharra ’eirbaill do bhí le feiscint agam. Do chromas ar ghlaodhach air ach níor mhór an mhaith dhom agus do thuigeas gur i ngreim a bhí sé. Bhí an scéal go h-ait annsan agam. Ní raibh an clochán nua déanta agam. Do bhí mo choileán ar iarraidh uaim agus do bhí eagla roime m’athair agam, mar gurbh’ é a thug ó Dhaingean Uí Chúise é agus é ar a dhrom i gcléibh hocht míle slí. Do bhí dubhán mór iascaigh im’ póca, agus córda maith, agus do cheanglas d’fheac na raimhne é agus chuireas siar ’on pholl é comh fada agus d’fhéadas. Ráinig leis an ndubhán dul i ngreim sa choileán i n-árd a thóna. Thairrigíos chugham é agus do ghluais liom go réidh agus seibineach de choinín ’n-a bhéal aige. Do bhí an coinín marbh agus an lámhóid tosaigh ithte aige agus an uair a bhaineas as a bhéal é do thug aon léim amháin agus do chuaidh ’on pholl céadna agus ar fhéachaint ’n-a dhiaidh dom ní raibh blúire le feiscint de. Ní rabhas istigh liom féin. Do chuaidh díom é bhaint arís as an bpoll agus i ndeire an tráthnóna thiar b’éigean dom gluaiseacht abhaile go mí-chéadfhach.
Ar shroichstint an tighe dhom ní rabhas ró shultmhar agus do chuireas tharm an coinín ar crochadh. Do bhí an biadh ullamh gan dabht agus do chuas go dtí an bórd. “Is dócha,” arsa mo mháthair, “gurbh é an coileán a rug ar an gcoinín duit.”
“Is é,” arsa mise, “agus tá sé féin i ngeall leis.”
“Conus san?” ar sise. “An b’amhlaidh a chuaidh sé le faill?”
D’innseas di mar bhí ó thosach deire, conus mar thugas liom leis an dubhán é agus mar do rop sé siar fé’n bpoll
h