Page:An t-oileanach.djvu/120

This page has been validated.
110
An t‑Oileánach

aríst é féin gan mhoill, “i n‑áit go bhfanfaidh sé go deo,” arsa mise léi.

“Ná bac san do,” ar sise.

Ní raibh smig as béal m’athar ar feadh an méid sin cainnte agus do cheapas gur ag bailiú lóin dom do bhí sé agus nár bheag dom a luaithe a chloisfinn ag cainnt é; mar do cheapas go dtuigfeadh sé gur lem’ shuaraidheacht féin d’imigh an coileán uaim.

Is minic nach mar thuigeann duine do chách do bhíonn sé; agus dob’ ’in ionbhadh agam-sa lem’ athair é, mar an uair a labhair sé do bhí fuaimeant le n‑a chainnt.

“Is dócha,” ar seisean, “ná raghadh Oscar siar ’on pholl thar n‑ais mara mbeadh gur bhraith sé coinín eile ann, agus b’fhéidir dhá cheann, agus trí cinn.”

Níl aon abairt age clann le clos is compórdaighe dhóibh ná athair agus máthair mhaith agus dob’ ’in ionbhadh agam-sa é mar d’á mhéid dul trí ’chéile bhí orm-sa ag fágaint an chnuic dom is roimis an mbeirt do bhí an chuid ba mhó dhe orm; ach is amhlaidh a chrothadar díom a raibh orm de agus d’fhan an scéal mar sin go dtí amáireach.

Pé maidean do ghlac suan me níorbh í an mhaidean amáireach í toisc machtnamh an choileáin a bheith im’ cheann. Dá dheascaibh sin do bhíos im’ shuidhe ar bhreacadh an lae. D’itheas cúpla greim agus cúpla cnagaire bainne. Do bhraith mo mháthair me agus do chuir ceist orm cá rabhas ag dul comh moch; gur cóir go raibh an lá fada agam, “agus a’ bhficeann tú t’athair timcheall?” ar sise.

“Ní fhicim,” arsa mise.

“Tá tamall ó fhág sé an leabaidh agus is dócha gur chun an chnuic a thug sé ’aghaidh,” ar sise.

Do chreideas an scéal go maith agus an uair a bhíos ullamh do chuireas díom ’n‑a dhiaidh. Níor stadas de’n ráib sin nó gur bhaineas amach an lonntán go raibh an obair ar siubhal agam. Sé an chéad rud a chonnac ag teacht fém’ dhéin ná Oscar agus níorbh’ fhada gur bhain amach me agus ba dhóigh