Page:An t-oileanach.djvu/121

This page has been validated.
111
An t‑Oileánach

leat go raibh leath-bhliain ó chonnaic sé me. Do bhí m’athair ag an lic agus é tar éis Oscar d’fhuascailt agus chúig cinn de choiníní móra groidhe aige—iad bainte as an bpoll aige i n‑éineacht leis an gcoileán.

Ba ghlioca m’athair ná mise go mór mar do dhein sé fábaire age bun na cloiche mar ar dhóigh leis tón an phoill do bheith agus an uair a chuir sé isteach a lámh do bhuail coinín leis agus dhá cheann nó go raibh na chúig cinn aige ba bhreaghtha baineadh as aon pholl riamh. Do bhuail ar a dhrom chuige iad agus d’imigh leis chun an tighe. Do dheineas-sa an clochán nua.


Do cheapas go mbéadh sánas agam nuair do bhí an mhóin bainte, agus an clochán réidh chun í chaitheamh isteach ann, nuair do bhéadh sí trim, ach ní h‑amhlaidh do bhí, a mhic ó. Fear ana-mhaith do b’eadh m’athair riamh, as ’óige agus eile; agus is minic adeireadh sé ná raibh aon chríoch riamh ar an té do bhéadh ar shlait a dhroma sa leabaidh agus an ghrian go soillseach ar an spéir, agus fós gur dhroich-ní dho’n tsláinte é.

Seadh, pé rud adubhairt sé riamh, do chuireas rómham an mhaidean so sráice ’á bhreis do bhaint amach, nó go mbéadh gnó eile ar oscailt agam. Níorbh’ fhada gur bhraitheas gáir. Labhair an fear ar an dteinteán, agus d’fhiafruigh an raibh Tomás ’n‑a dhúiseacht. Dubhairt mo mháthair leis ná raibh.

“Canathaobh?” ar sise.

“Tá an bád ag dul ag triall ar róinte,” ar seisean.

Úncail dam do b’eadh an té labhair, dreatháir dom’ mháthair. Do cheapas gur bh’é m’athair ar dtúis do labhair, ach níorbh é, mar is siar chun na trágha do bhí sé.

Do phreabas im’ shuidhe agus nuair do bhí greim caithte agam, do bhuaileas greim eile im’ póca agus do thugas m’aghaidh ar an mbád. Do bhí gach fear eile ullamh rómham agus fearaistí oiriúnach aca chun na róinte do bhaint