Page:An t-oileanach.djvu/122

This page has been validated.
112
An t‑Oileánach

d’á dtreóir: téada chun iad do tharrac amach as an bpoll nuair do bheidís marbh, maide mór láidir go mbíodh ceann reamhar amuich air agus níor mhór san chun iad-súd do threascairt. Insa tsiubhal linn an caladh amach.

Bhí bád eile imithe ó mhoch-óirghe na maidine, ach gur fé sna Blascaeid bheaga do thugadar-san a n‑aghaidh. Inis Mhicileáin do bhaineadar amach, áit nótálta chun róinte do bheith i bpuill ann, mar tá na puill innti go flúirseach. Aimsir chiúin nár mhór duit, agus tráigh bhreagh rabharta. Seadh, do shíneamair amach na cheithre mhaide “righne bhínne bhuana bhána bhais-leathna,” gotha do bhíodh ar churracháin na Féinne go minic sa tsean-aimsir, agus níor stadamair de’n ruathar reatha san nó gur shroicheamair béal an phuill go raibh beartuithe againn air.

Is insa cheann thiar de’n oileán mór do bhí an poll san. Poll cúntúrthach do b’eadh é, tarrac do shíor ’n‑a thimcheall, tamall maith de shnámh ann agus an snámh le déanamh ar do chliathán, mar níl insa scoilt puill atá ann ach slí an róin go beacht. Nuair do stad an bád age béal an phuill, do bhí súghrac mór tarraic ann. Go minic, do líonfadh béal an phuill ar fad insa tslí go gcuirfeá do shúil go bráth de’n duine do bheadh ar an dtaobh istigh de, agus d’fhág san ar bheagán cainnt a raibh insa bhád againn. Ní raibh d’óig-fhir innti ach mise agus buachaill eile, mar ní raibh ár leithéidí oilte a ndóithin ar an sórt so gnótha, ach fearaibh fásta, scoth-aosta.

Do labhair captaen an bháid, agus dubhairt: “Cad do thug annso sinn, nó an bhfuil aenne toilteannach le tabhairt fé’n bpoll?”

Isé m’úncail d’fhreagair é. “Raghad-sa isteach,” ar seisean, “má bhíonn fear eile i n‑éineacht liom.”

D’fhreagair fear eile do bhí insa bhád é. “Bead-sa i n‑éineacht leat,” ar seisean. Fear do b’eadh é seo go raibh gádh maith le smut de rón aige, mar do b’é an turaireacht do bhíodh an chuid ba mhó d’á shaoghal aige.