Page:An t-oileanach.djvu/124

This page has been validated.
114
An t‑Oileánach

cinn go dtí an t‑uisce agus san am go raibh san déanta aca do réab an poll le tarrac agus b’éigean do bheirt againn-ne do bhí ar an droichead greamú anáirde ar thaobh an fhalla.

An uair a bhí an rouit sin glan leis tháinig sánas air agus chuir an fear istigh glam as an téad a tharrac amach. Do cheapamair gur duine aca féin do bhí insa téid ach níorbh eadh. Cheithre cinn de róinte móra do bhí ceangailte innti. B’éigean dúinn ceann na téide a chur ’on bhád agus, nuair a bhí na róinte tógaithe ar bórd aca, í chur ’on pholl arís. Is amhlaidh do snaidhmeadh an téad de’n dtéid do bhí i gcomhnaidhe sínte insa pholl agus do labhair an fear a bhí im’ theannta-sa insa droichead de ghuth árd ’á rádh leo í tharrac isteach arís agus dheineadar é go mear tapaidh. Ní raibh ró-mhoill ann gur scairt an fear istigh í tharrac amach arís. Do bhí an tarrac ag dul le buile insan am san.

Ar tharrac na téide dhúinn is amhlaidh a bhí cheithre cinn eile de róinte ceangailte dhi nuair a cheapamair gur duine aca féin do bheadh innti. Do bhí orainn déanamh mar dheineamair cheana agus an téad a scaoileadh isteach arís. Do bhíodh orainn an droichead d’fhágaint go mion minic insan am so le borradh a dheineadh béal an phoill a líonadh.

Sé an snámhaidhe a chuaidh ’on téid ar dtúis chun teacht amach agus leigeant do’n bhfear eile dul sa téid do bhí de ghnáth sa pholl. Thug an snámhaidhe achar fada insa scoilt agus nár fhéad sé an droichead do bhaint amach le méid an tarraic. Do shroich sé insa deire agus an léine phlainín a bhí air ’n‑a mhin-ramh. Do ghluais m’úncail, a bhí, mar adubhart cheana, gan aon tsnámh aige, ar an dtéid dheire. Le borradh agus le tuitim agus le súghadh an tarraic insa pholl do bhí sé ag dul dian orainn é tharrac chun an droichid. I lár an scéil istigh do bhris an téad agus do scuab an tonn léi isteach ’on pholl arís é. D’éirigh mo chroidhe orm nuair a chonnac ag dul síos é. Mheasas go raibh sé caillte. Do phreabas de’n droichead isteach fén bpoll. Ráinig ceann na téide briste lem chois fé uisce. Thugas, de dheoin