Page:An t-oileanach.djvu/127

This page has been validated.
117
An t‑Oileánach

mar bhímís ag lorg éisc siar i gcomhnaidhe agus mara mbuaileadh an t‑iasc linn chun teacht abhaile leis do bhuailimís isteach an bád; mar dob’ ’in é an fógra a bhí fachta againn ó bheirt aosta an tighe.

Deireadh na daoine gurbh’ iad so an bheirt ab’ fhearr do sheasaimh riamh insa chloich.[1] Do bhí cúigear mac aca agus cúigear inghean, an chlann ba bhreaghtha le n‑a chéile do bhí ag aon bheirt amháin le sinnsearacht.

Ní raibh aon fhear óg ag leanúint an bháid ach mise agus toisc san a bheith i gceist do bhíodh cainntíní agam-sa agus ag an dream óg le chéile agus níorbh’ fhada go raibh ceann de sna h‑ingheanacha agus me féin ag súgradh le chéile. Cailín deas breagh. An t‑amhránaidhe ba bhreaghtha do bhí ar siubhal le n‑a linn. Do bhí a lán turus tabhartha againn an saosúr san innti agus saoghal maith leis againn. Do bhí an bhliain go breagh againn go Nodlaig.

Do bhí dhá mhuic bhreaghtha age fear na cloiche agus toisc iad a bheith comh maith dhúinn i gcomhnaidhe do gheallamair dóibh go raghaimís ag triall ar na muca insa tseachtain a bhí chughainn.

Lá breagh insa tseachtain ’n‑a dhiaidh sin do bhuail mo shean-úncail isteach chugham ar maidin—an t‑úncail úd gur chuas ’on chúntúirt mhór ’á shaoradh i bpoll na róinte an uair a bhris an téad.

“Cad é an fuadar so indiu chút (fút)?” arsa mise leis.

“Tá, a bhuachaill! Beidh lá maith indiu againn agus ragham ag triall ar na muca, agus is dócha nach aon leisce bheidh ort-sa ag dul ann, pé duine eile go mbeidh sé air,” arsan t‑úncail.

“Dhera, canathaobh é seo?” arsa mo mháthair.

“Dhe, léan áir uait! má’s mar sin atá an scéal agat,” ar seisean, “ná fuil a bhfuil d’óg-mhná sa chloich ag cailliúint a meabhrach ’n‑a dhia’ so agus táid innti go h‑álainn. Nár chóir go bhfuil duine aca ag teastabháil go maith uait-se. Bí amuich do dhá léim,” ar seisean liom-sa.

  1. Inis Mhicileáin.