Do chuamair ’on chloich. Le linn sinn a bheith ag bogadh ó’n dtigh go dtí an caladh leis na muca thug bean an tighe buidéal biotáile ’n‑a dhorn d’fhear an tighe le riaradh orainn. B’í seo bean ba mhó go raibh cáil ar feabhas uirthi do bhí suas le n‑a linn, cé ná tabharfainn-se aon bhlúire molta dhi thairis an bhfear ar feadh mo choidrimh féin ortha.
Níor stadadh leis na muca gur buaileadh isteach sa bhád iad dhá mhuic bhreaghtha bliain d’aois, bean an tighe agus inghean léi, an inghean go mbíodh m’úncail Diarmaid ’á luadhachtaint liom-sa i gcomhnaidhe. Amach fé’n mór-mhuir linn. Anáirde na seolta. Cóir shlachtmhar linn nó gur shroicheamair calath sa Bhlascaod Mór. Cuireadh i dtír ann iad sa lá san nó go mbeadh muca an oileáin mhóir amach i n‑éineacht leo amáireach.
Amáireach tar éis bidh do bhí gach nduine go raibh muc nó dhá mhuic aige ag mogalú chun tabhairt fé’n dtír. Do bhí muc bhreagh agam féin agus ceann eile i dtánaiste dhi age m’ úncail Diarmaid. Buaileadh isteach ’on bhád iad araon agus muc eile le fear de’n bhaile, dhá mhuic na h‑Inise, bean na h‑Inise agus a h‑inghean. Bád mór dob’ eadh í agus bhí sí bog-lán ag an méid atá áirithe agam. Cuireadh i dtír i nDúnchaoin iad agus tháinig an bád abhaile aríst. Do bhí cúpla bád eile, leis, amuich le muca agus chuadar san, leis, abhaile. B’eo linn féin agus na muca fé’n mbóthar ag siubhal. Tuairim leath-slí thug muc Dhiarmaid suas. Do bhí an bóthar ag goilliúint uirthi—muc ró throm agus droch-chosa aici.
Ach bhí Diarmaid i dtreo a charad féin an uair seo. “Fan i mbun na muc,” ar seisean liom-sa, “agus m’anam-sa ó’n ndiabhal nach fada go mbeidh fearas agam-sa a thógfaidh ó thalamh na hÉireann í!”
B’éigean domh-sa rud a dhéanamh air cé go raghadh mo mhuc féin go Tráighlí de shiubhal. D’fhanas féin agus mná na h‑Inise agus na muca i dteannta chéile gur fhill Diarmaid, capall groidhe i n‑éineacht leis agus ráil ar an gcairt