Page:An t-oileanach.djvu/130

This page has been validated.
120
An t‑Oileánach

an cé amach. Do bhaineas díom anuas mo chuid éadaigh agus thugas fé shnámh lasmuich de cheann an ché. Labhair Diarmaid os mo chionn anáirde.

“Ná bíodh sé do’n diabhal ort dul ceangailte sa mhuic nó fágfaidh sí amuich thu,” ar seisean. B’in rud nár ghádh dho a rádh liom-sa ach do bhí an t‑árd-eagla air im’ thaobh.

Níor ró fhada go dtána suas léi agus do chasas isteach í. Níor mhór dom an tslat a bhí im’ béal a thógaint im’ láimh agus a úsáid sarar fhéadas í chur i dtír. Nuair a tháinig sí ar an slip rug fear an chapaill ar chluais uirthi. Níor dheacair do í choimeád san am so m‑ionann san[1] ’s an t‑am a thug sí a thriopall anáirde agus í ag imeacht. Do chasas-sa do shnámh ar mo chuid éadaigh thar n‑ais.

Do cuireadh isteach na muca i dtigh. Fuair fear an chapaill deoch agus dhá dheoch agus do thiomáin leis abhaile.

“Téanam, a úncail,” arsa mise, “go mbeidh greim éigin bidh againn.”

Chuamair go dtí tigh an bhidh agus do chaith beirt againn ár leabhair-dhóthain. Chuamair annsan ag triall ar ár gcaraid go mbaineadh gach aenne ó’n oileán amach a thigh sa Daingean. Chrom sé sin ar bheith ag ceannach na muc uainn. Do bhíodar feicithe aige cheana féin. Ráinig leis féin agus le Diarmaid margadh a dhéanamh go tapaidh agus annsan dob’ eo chugham-sa iad. Chúig púint deich a thug sé ar mhuic Dhiarmada. Níor ró fhada go raibh mo mhuc-sa leis aige ar sé púint. Ní raibh ach san déanta nuair a bhuail beirt bhan na h‑Inise an doras isteach chughainn.

Do chasas féin ar fhear an tsiopa agus dubhart leis pé deoch dob’ annsa leo a thabhairt dóibh ach dubhairt an bhean aosta go tapaidh gur cirte dhóibh féin é thabhairt dom mar go mbeidís gan muc mara mbeadh me.

“Dar Muire!” arsa Diarmaid, “scaoil leis. Tá baoghal mór air deoch a thabhairt dúinn agus sé púint glan fachta ar a mhuic aige.”

“Cé cheannuigh iad?”

  1. .i. Ní h‑ionann san.