Page:An t-oileanach.djvu/133

This page has been validated.
123
An t‑Oiléanach

deoch ar siubhal. Bean aosta na h‑Inise a thug an chéad leath-phiúnt léi agus leath-ghalún leanna-duibhe mar bhí muinntir an bháid a thug na muca aniar láithreach. Ba mhaith léi a ndóthain a thabhairt dóibh mar bean mór-chroidheach dob’ eadh í.

Do bhain Diarmaid an tseoidh crothadh as a láimh agus druideann liom-sa agus baineann crothadh eile as láimh liom-sa.

“Séid suas amhrán a thógfaidh mo chroidhe tar éis na seachtaine,” ar seisean.

Ní raibh aon ghnó agam an t‑eiteach a thabhairt do mar do dhéanfadh sé seódh dhíom. Sé “Réidh-chnoc Mná Duibhe” an t‑amhrán adubhart agus ní mór do labhair go raibh sé ráidhte agam. Má bhí beirt dob fhearr ná me do bhí triúr ba mheasa ná me. An bhean aosta adubhairt an tarna ceann agus ba bhreagh go léir chuige í. Sé an “Clár Bog Déil” adubhairt an óigbhean d’inghin di agus dubhairt é gan cháim. Do bhí an deoch ’á ól go tiugh agus ’á tharrac go raibh a choisce caithte age gach nduine. Do bhí an tigh lán agus lasmuich de’n tigh.

Níor ró fhada go bhfeaca fear groidhe ag brúghadh aníos tré sna daoine agus do labhair.

“Gaibhim párdún agaibh, ’fheara,” ar seisean, agus níor stad gur bhain amach me agus do bhain seacht gcrothadh as mo láimh. “An diabhal, gur gairid do chuas do bheith bogaithe liom abhaile agus gan aon amhrán cloiste agam uait!” ar seisean ag bualadh an bhúird agus “leath-phiúnt biotáile annso!” ar seisean.

“Dhera mhuise! scaoil orainn a’ guth, má ’s é do thoil é,” ar seisean.

Do bhí aithne mhaith aige orm agus agam air, mar ba mhinic roimis sin dob’ éigean dom amhrán do rádh dho. Fear mór óil dob eadh é, leis, agus dob’ é sin an t‑ól macánta.

Tháinig an leath-phiúnt gan mhoill agus b’éigean dom gloine a scaoileadh siar gan aon diúltamh. Annsan dob’ eo