“Leath-phaca mine a bheidh agam,” arsa mise.
“Beidh rud éigin age Diarmaid, leis, is dócha,” ar seisean.
“Beidh gan amhras,” arsa mise. Do bhí Diarmaid gan chiall an uair seo.
“Mo lámh agus m’fhocal daoibh go mbeadh annso ar a hocht a chlog ar maidin amáireach má mhairim,” ar seisean.
Do ghaibh sé a chapall agus do thiomáin leis tríd an sráid mhóir síos agus is dócha ná raibh sé i bhfad ag baint a thighe féin amach. Do chasas isteach mar a raibh an réic Diarmaid. Ní raibh a sheasamh aige ach go h‑olc. Do lean bean na h‑Inise me.
“Téanam,” arsa mise leis, “go ragham abhaile nó an bhfuil aon lúb istigh insan alpachán mná d’fhágais id’ dhiaidh agat?”
“Ní bean ró bhreagh í,” ar seisean. “Ní baoghal di.”
Do stracamair linn amach é agus do bhaineamair tigh an bhidh amach. Do cuireadh biadh maith chughainn ach is beag a chaitheamair de. Do bhaineas féin an leabaidh amach agus do thuit mo chodladh go luath orm. Siar i bhfad insan oidhche ’seadh tháinig an sean-úncail orm agus do thuit d’á chodladh go tapaidh agus d’fhan mar sin ar nós an duine mhairbh. Do bhaineas féin sráice eile as agus an t‑am gur bhraitheas, thar n‑ais, do bhí an mhaidean ag breacadh agus an lá ag teacht. D’fhanas im’ dhúiseacht annsan mar dubhart liom féin go mbeadh fear an chapaill chugham sara fada, sé sin má b’fhear ar a fhocal é. Níor cheapas go mbeadh sé chugham comh luath agus do cheap sé ach bhí dóchas agam go dtiocfadh sé am éigin insa lá, mar nárbh’ fhear gan fuaimeant é.
Ní ró fhada bhíos ag machtnamh mar sin an t‑am gur bhraitheas glór na trucaille, ach níorbh’ é an fear mór a rith im’ aigne a bheith ann comh moch san. Ach do bhí dearmhad orm mar gurbh’ é bhí ann go cruinn. Do chuir sé a chapall mar ar ghnáth leis é chur agus tháinig go dtí sinn. D’fhanamair go