duine ag tarrac go dtí an bád agus na báid chun gabháil tré Bhágh an Daingin soir agus dul leis an gcé ann.
Do bhí an triúr úncailí dhom ag dul ’on bhád go Daingean, agus fear mo dhriféar Cáit, Paid Shéamais. Cé gurbh’ iad san mo dhlúth-charaid féin ní rabhas ró shásta agus bheith ’n-a dtreo. Fuaireas mo dhóthain cheana do Phaid Shéamais an lá a bhíos ’n-a threo agus, dar ndóigh, óm’ úncail Diarmaid lá na muc agus gan mórán achair roimis sin ann.
Ar sheasamh ar bharra an chalaith dhom do ghaibh Diarmaid aníos tar éis cliabh éisc a chur go dtí an t-uisce dho.
“A’ bhfuileann tú a’ dul ’on Daingean?” ar seisean liom-sa.
“Bhíos meáidhte air,” arsa mise.
“Cad tá mar sin ort ná faghfá ullamh tu féin?” ar seisean. “A’ bhfuil iasc ná faic agat le breith leat?”
“Bhí leath-chéad pullóg agam le breith liom ach níl aga agam iad a chur le chéile anois, ná fuil gach nduine agaibh-se ullamh anois,” arsa mise.
“Gread leat go diair agus faigh ullamh iad agus fanfaidh an bád leat,” ar sé.
Fé mar dubhart cheana dob’ fhearr Diarmaid ná an chuid eile go léir. Níor chuir an chuid eile chugham ná uaim cé go raibh an méid a bhí ag dul innte gaolmhar dom.
Do phreabas gan mhoill. Fuaireas ullamh mo chuid éisc. Dhá théadán do bhí agam. Thug buachaill eile ceann de sna birt chugham agus do bhí an saothar go léir déanta i leath-uair agam. Do bhí an bád ar snámh agus í ullamh réidh romham. “Dar Muire!” arsa Diarmaid, “ní rabhais-se i bhfad.” Tógadh isteach na birt agus as go bráth linn go Daingean Uí Chúise.
Do bhíodh mná an uair seo se shíor ag an gcé gurbh’ainm dóibh hocstaerí. Ag díol is ag ceannach éisc an cheárd a bhí aca agus iad ag maireachtaint ar an gcéird sin. An uair a bhí gach ní amuich as an mbád agus an bád curtha suas do phreab na mná chugham agus níor ró fhada go raibh an