leabaidh mar bhí leath mo chuid éadaigh fós ann agus fiú amháin gan me dulta ar mo ghlúine ag tabhairt buidheachais le Dia do chuir síon na h-oidhche tharm agus a thug solus an lae bheannaithe go breagh dhúinn.
“Tá an lá go breagh,” arsa mise le Kerry.
Do bhí muinntir an tighe ag múscailt láithreach, cuid aca le bheith ag an chéad Aifreann. Is é Kerry agus an slataire an chéad bheirt a bhuail anuas chugham agus dubhairt sé liomsa an chuid eile a mhúscailt. Dubhart leis pé duine a raghadh ’á múscailt nach me féin é, nár bhe’ liom a bhfeaca indé dhíobh agus gan a bheith ag caitheamh an lae indiu ar an gcuma gcéadna. Ar an gcainnt do bheirt againn le chéile cé gheobhadh an staighre anuas ach Paid Shéamais.
“Dia dhíbh, a bhuachaillí,” ar seisean.
Fear an tighe d’fhreagair é.
“Connus tá an lá?” arsa Paid.
“Cóir abhaile, ’bhuachaill!” arsa fear an tighe.
Do chas Paid anáirde arís ag glaodhach ar an gcuid eile agus ní ró fhada go rabhamair le n-a chéile. Thug Diarmaid órdú do bhean an tighe gach aon rud a bheith ullamh aici ar an mbórd le linn teacht ó’n Aifreann dúinn, go mbeadh na seolta ’á árdú fé’n “gCollach Dubh” comh luath agus bheadh an biadh caithte.
Do bhí gach aenne ag bailiú chun an Aifrinn agus an uair a bhí sé ráidhte do chaitheamair ár gcuid bídh agus do bhuaileamair amach. Thugamair gach ní siar chun an chalaith, buaileadh síos an bád agus buaileadh gach ní ar bórd. Tugadh a deire do thír agus a tosach do mhuir, buaileadh anáirde na seolta agus cóir go slachtmhar siar linn.
Níor bhain sé a lán aimsire den “Chollach Dubh” Cuan Fionntrágha do bhaint amach. Ar ghabháil treasna an chuain sin súil d’ár thug fear idir sinn ’s an talamh—“Tá bád eile chughainn amach,” ar seisean.
Thugas féin géar-amharc uirthi agus d’aithnigheas na seolta