Page:An t-oileanach.djvu/15

This page has been validated.

TAGRADH

Is do Bhrian Ó Ceallaigh (Cilláirne) do scríobh Tomás Ó Criomhthain an dá thrian tosaigh de’n “bheatha” so fé mar do scríobh sé “Allagar na h‑Inise” dho roimhe sin. Thug an Ceallach a raibh de’n scríbhinn aige domh-sa tuairim is trí bliana ó shin, i dteannta scríbhinn an “Allagar,” le linn do féin bheith ag imeacht do’n Eoraip, measaim; agus d’iarr orm caoi éigin a chuardach chun iad a chur i gcló. Ní tháinig an chaoi chuige sin nó gur cuireadh an gléas so ar bun fé’n Roinn Oideachais chun leabhair Ghaedhilge a chur i gcló. Do scríobh an t‑údar an treas chuid de’n “bheatha” go luath tar éis me d’fhagháil na scríbhinní ó Bhrian Ó Ceallaigh.

De dheascaibh an fhaid atá san scríbhinn dob’ éigean roinnt d’fhágaint ar lár. Máiseadh, níor fágadh aon ní amuich d’fhágfadh bearna mháchailleach sa scéal ná a bhainfeadh aon phioc de’n dath ó’n truaithinseacht ná de’n bhlas ó’n bhfírinne atá sa stair éagsúil iongantaigh seo.

D’aithscríobhas técs an leabhair ó thúis deire d’fhonn an litriú a thabhairt ar ghnáth-dhul leis an litriú a cleachtathar fé láthair .i. géilleadh roinnt do’n fhoclóir agus roinnt eile do’n chainnteóir. Níorbh’ fhéidir canúin na h‑áite a ghabháil go h‑iomlán cruinn gan éirghe ar fad as an sean-litriú agus gabháil le son-litriú ó bhonn. Ní do’n phobal a leithéid sin, ámh, agus is do’n phobal an leabhar so. Do leanas níos dlúithe do’n chanúint i gcomhrádh an leabhair ná san gcuid eile dhe.

( 5 )