Page:An t-oileanach.djvu/152

This page has been proofread.

“Táimíd comh dall agus bhíomair riamh,” arsa mise arís leis.

“Dhera, a dhuine, ná ficeann tú nach liom-sa chuaidh sé. Ní h-í an tseithe reamhar bhuidhe sin a bheadh air dábur liom-sa a raghadh sé i n-ionad dul leis an amalóig bhuidhe do mháthair do.”

“Is dóigh liom,” arsa mo mháthair leis, “nár chuaidh aon duine ’ca leat féin ach leis an máthair iad uile.”

“Ná an diabhach duine dabúr liom a bhfuil ar an mbaile aca!” arsa Diarmaid an tseóidh.

Phreabas im’ shuidhe agus thugas stiall de bhullóig do’n ngarsún agus dubhart leis dul abhaile, go bhfanfadh a athair annso tamall eile de’n oidhche. Ní raibh ach an garsún curtha agam uaim san am gur bhuail bean an doras isteach agus cé bheadh ann ach mo dhrifiúr Cáit. Do bhain san ana-gheit as mo mháthair mar do cheap sí gur rud éigin a bhí ar dhuine de sna páistí mar nár ghnáth léi seo teacht ach go fánach.

“Do sheol rud éigin tusa chughainn comh déanach so,” arsa mise léi.

“Paid Shéamais ná braitheann ró mhaith. Ó dh’fhág sé an Daingean fós tá sé gan aon ghreim a dhul ar a chroidhe, agus lán na spíonóige do bhiotáile thug me,” ar sise.

“Nár thug sé féin aon deóir leis ’n-a bhóthar?” arsa mo mháthair.

“Níor thug ná faic eile ’mhuis,” ar sise.

“Cad a thabharfadh sé sin leis?” arsa Diarmaid ‘craic,’ “duine bhí gan aon taimilt i nDaingean Uí Chúise ó fhág sé an tigh gur bhain sé amach arís é.”

“Is dóigh le fear na buile gurbh’ é féin fear na céille,” arsa mise.

Do bhí deabhadh ar Cháit. Chuas go dtí an buidéal. Ní raibh aici sin ach tuairim plaoisc uibh d’árus ar eagla go gcuirfeadh sí mise ó’n dtigh le n-a n-iomarca iarraidh. Fuaireas buidéal cnagaire agus do líonas é. Do bhuail sí uaim an