go mór mór dábur dhóigh liom go raghadh an scéal chun cinn; mar, chun na fírinne ’rádh, is ann a bhí mo chrann féin le n-a linn sin.
“Ach,” arsa mo mháthair ag déanamh athnuachtaint ar an gcainnt, “tá sé seo óg go leór fós agus fós eile.”
“A’ bhfuil sé a lán aoise anois?” arsan réic.
“Dhá bhliain is fiche trí lá roim Nodlaig seo déanamh orainn,” ar sise.
“Dhera, ’bhean bheag, cad a bhíos-sa ach fiche bliain lom, an uair a shroicheas an cheirthlín bhuidhe sin thoir agam agus níor mhaith a’ s’nuachar í,” ar seisean.
“Is dócha,” arsa mise ’á fhreagairt, “gurbh’ fhearr í ná tu féin. Is tusa an fear fuar ar bheith as baile dhuit agus is fada gur thugais aon ní cóir abhaile chun na mná boichte agus tu féin ’á chaitheamh go h-aindis.”
“Dhera mo thruagh thu, ’amadáin! Ní bhím-se comh caithteach agus bhím bagarthach,” arsa Diarmaid craiceálta.
“Buail bhuam amach i n-ainm Dé agus na Maighdine Muire!” arsa mise leis, “nó a’ bhfuil aon éileamh ar do bhothán féin agat ná ar dhul a chodladh dhuit nó a’ bhfuil aon eagla ort go mbeidh an cheirtlín bhuidhe imithe uait?”
Do chuir sé drannadh gáire as. “Ó!” ar seisean, “is beag a’ baoghal!”
Preabaim amach le bosca go raibh dorn prátaí ann chun an asail. Chaitheas punann, leis, chun na bó agus gamhain a bhí ann. Dubhairt m’athair liom san do dhéanamh. Gnó m’athar féin na neithe sin ach gur chuir píopaireacht an fhir istigh siar ó n-a dhéanamh an oidhche sin é.
Ar chasadh isteach dom do bhí sé fós ’n-a sheasamh i lár an tighe agus é ag deimhniú do’n bheirt aosta go raghadh cabhair na mná óige go maith dhóibh agus comh fada agus a thuig sé féin ná raibh aon droch-mhianach i n-inghean so na h-Inise. Cé go raibh gotha simplidhe air ag cur na cainnte as do bhí cuid de gach comhairle le bheith ’n-a fhabhar féin. Do bheadh an tigh go léir aige, dar ndóigh. B’í a dhrifiúr féin bean