agus nuair a bhí ní raibh sí ar fónamh mar gurbh é an chéad rud adubhairt sé:
“Mo chorp agus m’anam, gur mise an sagart udhachta a bheidh air siúd!”
Do cuireadh ar a bhonnaibh é agus ba ghairid go raibh sé ag teacht chuige féin. Ní raibh air ach cúpla scrabhadh ar an mhalainn. Do bhuaileamair abhaile agus dob’ ar éigean a bhíomair ábalta ar é dhéanamh tar éis tuirse an lae.
Níor mhór é ár ngnó tar éis bháire mór Lae Nodlag ach gach nduine bhí ann scoth-bhacach go maith. Tinneas na gcos agus na gcnámh ortha; ach do bhí seachtain suainis againn go Lá Caille. An duine go raibh a chamán briste air bhí sé ag soláthar a mhalairt.
Ní mór na camáin a bhí ar an dtráigh ná gur ó Pharóiste Fionntrágha a tháinig sé, comáin aitinn go mbíodh cor cam ionnta agus liathróid déanta de shnáithín stoca agus í fuaighte le snáithín cnáibe. Is minic a bhuaileadh sí ins na rúitíní slataire fir agus bhíodh a chos ó úsáid an lá san aige. Pé maith a bhí ionnam-sa ní raibh mo chomán ar dtuathal. Ráinig dom bheith ar leath-imeall sa chluiche Lá Caille, thairrigíos lem’ acmhainn ar an liathróid agus cé ráineochadh fé n-a brághaid ach m’úncail Tomás, agus cá mbuailfeadh an liathróid é ná i bplaitín na glún agus do chuir an plaitín as ionad.
“Mo ghraidhin do ghéaga,” arsa Diarmaid, an chéad ghuth do chuala. Do cheap Diarmaid ná raibh an dritheáir comh h-aindis ach nuair a chonnaic sé go raibh do laguigh ar a ghreann agus ar a phíopaireacht. B’éigean m’úncail bocht a thabhairt abhaile le teannta daoine agus ní i gan fhios do Dhiarmaid a chuaidh sé abhaile.
Ag déanamh ar an dtigh dom féin, cé bheadh im’ dhiaidh insa chasán ná Diarmaid agus ní thabharfá dhá phinginn air tar éis fuirse an lae. Do stadas gur tháinig sé suas liom.