Page:An t-oileanach.djvu/162

This page has been proofread.

“Tá beagán gnótha agam go fóil díot,” arsa mise leis. Ba chuma leis cad é an gnó, do ghluais sé i n-éineacht liom.

Thairrig mo mháthair cos Thomáis chuige; nár mhór an buille fuair sí agus go mbeadh sé gan aon tairbhe insa mbliain seo; gur droch-áit plaitín na glún, agus gur mó ceann aca ná téigheann ’na cheart go deo.

“Déanfaidh sé bacach maith!” arsa Diarmaid.

“An b’ é sin do thruagh dho?” ar sise.

“Níl ach seachtain ó scaoil sé féin mo chuid fola-sa ar bheagán chúise,” arsa Diarmaid. “Tagadh sé chuige féin—ach go bhfuil truagh agam do sna páistí,” ar seisean.

Nuair a bhí an méid sin ráidhte aca do chuas go dtí an bosca agus thugas liom píopaire buidéil a bhí gan oscailt fós. Cheap Diarmaid nuair a chonnaic sé é gurbh’ ó Fhlaithis Dé anuas a thuit sé. Thugas gloine dho agus níor thug druim láimhe léi, mar ná raibh leath-scéal aige chuige, agus an uair a bhí sí thiar aige insan áit go raibh gádh léi, dubhairt sé: “M’anam ó’n fial! go mbeinn le cur indiu mara mbeadh pé rud a phrioc tu agus oiread a thabhairt leat do, ó’s dócha gurb é Dia é.”

“Ach is ’n-a bhronntanas a fuaireas an chuid ba mhó dho, a Dhiarmaid.”

“Ach, dar th’anam ’on diabhal! ná rabhas-sa ag tabhairt earraí uatha sara rugadh tu agus nach beag a shíneadar chugham,” ar seisean.

“Is dócha gurb amhlaidh a bhraithid siad ag dul chun deiridh thu agus nárbh’ aon mhaith dóibh a bheith ad bhreabadh chun aon ní d’fhagháil dod’ bharr!”

“Nár thuga’ Dia aon ní dhóibh siúd, an scata rógairí!” ar seisean.


Nuair a bhí m’úncail ar mo thóil agam—agus do bhí súd agus an fiteán glóir múscailte ag an mbraon ann—dubhart go dtabharfainn turus ar Phaid Shéamais. Cé ná raibh sé réidh fós leis an ngalar a fuair sé sa Daingean do bhí sé i