dtiomáint an bháire gach lá; agus níor mhaith ann é an Nodlaig sin—rud ná raibh le rádh go dtí san leis. Do dheineas machtnamh nárbh’ fhada le dul cnagaire agus go mbeadh a luach de sheódh agam ar Phaid. Do bhuaileas chugham é agus do bhaineas amach an tigh. Dob’ annsa liom roinnt le Paid, mar dá mbeadh sé aige do bheadh mo chuid agam-sa dhe gan amhras.
Do bhíos tamall istigh agus dubhart sa deire; “Níl scéal ná duain insan tigh seo anocht agus nár cheart rud éigin a bheith ar siubhal oidhche chinn bliana?”
“Níl fear a’ tighe ró mhisniúil fós,” arsa Cáit.
“Is dócha go bhfuil ceal a choda féin air,” arsa mise.
“Dá mbeadh rud éigin a bhogfadh a chroidhe aige b’fhéidir go mbeadh racaireacht éigin ar siubhal.”
“An diabhal an magadh san, a Thomáis Criomhthain,” arsa Paid, “pé freangaí eile atá ’ár gcnámha.”
Thugas seáp fé’n gcupa do bhí ar crochadh ar an dresser agus thugas liom é. Chuireas lán béil ann agus thugas do. Níor ghádh bheith ’á thathant air agus níor mhór an aga go raibh “Báb na gCraobh” ar siubhal aige agus níor stad sé ó cheann go ceann eile.
Níor ró fhada gur chuala glór na mbróg ag teacht agus cheapas gurbh’ é m’athair é ag glaodhach chun bidh orm, ach an uair a chuir sé a cheann isteach cé bheadh ann ná Diarmaid.
“Tá do chuid bídh ullamh,” ar seisean liom-sa. Bhí garsún leis féin i n-éineacht leis a tháinig ag glaodhach air ach ní raibh ró-fhonn abhaile ar Dhiarmaid ach is amhlaidh a shuidh sé síos ar stól do bhí ann ná raibh fé ach trí cosa.
“Mhuise is dócha,” ar seisean le Paid, “ná bheadh aon rann den ‘Súisín Bán’ agat? Is fad’ ó chuala é.”
“Dhera, léan ar do lár!” arsa mise leis, “ní foláir nach leis an amhrán san fhanfair-se agus garsún ag glaodhach chun prátaí ort uair a chluig ó shin.”
“Tása ’ge Dia, má deir sé é go bhfanfad agus le ceann eile ’n-a dhiaidh, agus go ngealfaidh sé anoir amáireach!”