Page:An t-oileanach.djvu/164

This page has been proofread.

arsan craiceálaidhe. “Is cuma dhuit-se ach téiri’ féin chun do chuid bídh.”

Ó’n uair nár dhein san rud orm-sa do dheineas-sa rud air sin agus bhuaileas amach agus d’fhágas annsan iad agus gan cíos, cás ná cathú ar aenne de bheirt aca. Ar dhul abhaile dhom bhí na prátaí lag-fhuar go maith romham.

“Is mairg duit nár fhan tamall eile ann,” arsa mo mháthair, “nó ar ghlaoidh an réic ort?”

“Do dhein ach is túisce an chú ná an teachtaire,” arsa mise. “Tá sé féin fós ann.”

“A Mhuire, nach é an fear fuar é!” ar sise.

Nuair a bhí mo chuid ithte agam do chrom an bheach ar bheith am’ priocadh arís chun tigh a’ tseoidh a bhaint amach. Do dheineas machtnamh ná tiocfadh an oidhche sin go ceann bliana arís.

As an machtnamh san d’innseas dom’ mháthair é—go rabhas ag dul go dtí tigh Phaid Shéamais arís agus má bheinn déanach ag teacht gan aon tsuim a chur ann.

“N’fheadar,” arsa mise leis an mbeirt aosta. “a’ dtabharfainn liom braon go ti’ Cháit?” ’Á mbraith a bhíos féachaint cad a cheapfaidís de’n scéal. M’athair ba mheasa liom a labhairt mar ní bheadh san ag cannrán go deo ach le duine do bheadh i bhfad as an slí.

“Is minic do h-óladh cuid mhaith ameasc na namhad agus, dar ndóigh, ní haon namhaid duit tigh di dhriféar; agus má tá t’úncail leis ann nach sibh féin sibh féin.”

Bhuaileas an doras amach. Ní bheinn sásta mo chroidhe féin a bheith leis gan toil na beirte aosta. Do bhí clos ar fhear an tseoidh agam i bhfad ó’n dtigh.

“Mhuise, Dé do bheatha-sa, pé scéal é!” ar seisean.

“Nár chuais abhaile fós?” arsa mise.

“Ná an diabhal é!” ar seisean. “Tá na daoine muinnteartha flúirseach, moladh le Dia, ar fuaid an bhaile. Deinim mo thigh féin do n-a lán aca. Tá mo chuid bidh caithte annso agam, a bhuachaill, agus mo chuid dighe ’n-a theannta.”