Page:An t-oileanach.djvu/166

This page has been proofread.

Tháinig an tráthnóna san glas láidir agus dubhairt m’athair liom féinig: “Is fearra dhuit bualadh suas i gcoinne na mba ó’n uair ná fuil aon ealadha eile agat,” ar seisean.

Do bhuaileas mo chasóg treasna ar mo ghualainn agus do bhuaileas an cnoc amach. Ar shroichstint an lanntáin dom go raibh na ba ann do bhí daoine romham ann agus ameasc na ndaoine do bhí an file agus maide ’n-a láimh aige, mar do bhí bó an uair seo aige ná raibh a leithéid ar aonach, bó chíordhubh shlachtmhar do líonadh trí fircíní gach bliain go mbíodh sí ar a ceart. Colann bhreagh ’na teannta aige.

“Seadh,” arsa mise liom féin, “ní chuirfidh an file gnó an lae indiu amú orm fé mar do chuir an lá cheana do bhuail sé liom, a lá do chuir sé as bhaint na móna me.” Níor bhuaileamair le chéile sa chnoc ó shin go dtí so.

“A’ bhfuil ao’ phioc d’Amhrán an Asail agat?” ar seisean liom-sa.

“Tá cuid agam di agus cuid bhuam,” arsa mise.

“A’ bhfuil aon pháipéar id’ phóca? Má tá, tairrig chughat é agus do pheann. Gach ar dheineas d’amhráin bhéarfad ’on uaigh iad mara bpriocfair-se suas iad,” ar seisean.

Níor thaithin a ghlór ró mhaith liom mar nár mhaith liom suidhe le h-ais túrtóige tráthnóna fuar glas; ach níor ró fhada an mhoill ar an bhfile rann a dhéanamh dom féin ná raghadh ró mhaith dhom. Do chaith a raibh ann dínn cois maolchlaidhe sinn féin agus do chrom mo bhuachaill ar an amhrán a mhúscailt.

Geallaim-se dhuit, a chara na n-árann, san am go raibh dosaon rann breac síos agam-sa tráthnóna millte fuar gurbh’ fhearr liom ná beadh an file ar an saoghal so fós mar pé duine gur tháinig gnóthaí an fhile bog air nár mhise é agus sara raibh an bhreacarnach déanta ar an bpáipéar go raibh dubh na hoidhche ann.

B’eo leis gach nduine againn ag baint na dtighthe amach. Do bhí na ba age baile romhainn.