na sráide agus níorbh’ é an fear ba mheasa aca bhí díolta é mar ba lasmuich do bhí an sluagh.
B’éigean dúinn scarúint leis an mBuailtín sa deire insan am ba mhó go raibh greann ann; ach ó ba rud go raibh an fhairrge mhór romhainn-ne agus cuid mhaith againn le tabhairt isteach b’éigean dúinn gluaiseacht.
Do lean mórán ó’n áit amuich sinn isteach—daoine muinnteartha. Do bhí amhráin flúirseach, agus rinnce ar siubhal agus gach uile ghreann, fuighleach dighe agus bídh go h-eadartha amáireach. Do bhailibh muinntir na tíorach leo.
Dubhairt daoine go raibh cúig bliana déag roime sin ó phós oiread aon bhliain amháin. Do bhí obair agus gnó ar siubhal an chuid eile de’n mbliain. Bliain mhór éisc dob’ eadh í. Ní raibh mairciréil ná gleamaigh ar siubhal ach iasc do bhí ’á mharbhú insa lá le báid mhóra agus saighne ins gach bád aca agus feirmeóirí na tuaithe ’á gceannach uatha.
Do bhínn-se ag cleachtadh na scoile gach tráth go mbíodh a leithéid le fagháil againn nó go rabhas ocht mbliana déag. Ní raibh mór-ghnó sa bhaile dhíom ar feadh an achair sin mar do bhí dritheáir liom sa tigh agus é pósta. Cailleadh a bhean san agus d’fhan beirt gharsún ’n-a diaidh. Do ghaibh mo mháthair leo nó go rabhadar chun reatha. Do chuaidh an dritheáir go Meirice.
B’éigean domh-sa, annsan, an scoil a thréigeant mar ní raibh aenne eile insa tigh ach m’athair. Trí bliana mar sin do bhíos ó scoil an uair a phósas. Bliain is fiche d’aois do bhíos. Ní mór de chúram an tsaoghail do bhí orm go dtí san ach rug sé orm ó’n lá san amach. Tháinig atharú an uair sin ar gach ní a bhain liom. Is mór an rud pósadh i saoghal duine. Athruigheann a mheon agus a thuiscint i dtaobh a lán rudaí agus thar gach ní eile cuireann sé faobhar chun an tsaoghail air. A ndubhairt siúd, do cheapainn-se gur ó Neamh do bhíodh an bheatha ag teacht chugham roime sin.
Do luigheas isteach go dian chun gnótha. B’eo go dtí an tráigh me chun leasaithe a dhéanamh chun breis phrátaí a chur