Page:An t-oileanach.djvu/174

This page has been proofread.

An cailín a thóg í sin do phós sí sa Dún Mór. Cailleadh í sin, leis, agus d’fhág seisear leanbh ’n-a diaidh. Buachaill amháin atá fanta faram annso sa bhaile. Buachaill eile i Meirice. Sin é crích d’imigh ar mo chlainn-se. Beannacht Dé leo—a bhfuil san uaigh aca—agus leis an mnaoi bhoicht gur bhris a misneach d’á ndeascaibh.