Pé lá riamh do rith aon tsaothar mór oibre liom do dhéanamh níor mhór gur rith sé riamh liom ag baint mhóna, go mór mhór an fhaid do mhair an file agus é ábalta ar dhul chun cnuic. Do bhí sé suarach críona go leor agus é ag aodhaireacht na bó duibhe ann.
Agus me i dtosach mo ghreise, lá, ar an dtaobh theas de’n Oileán, grian agus teas agus aoibhneas ann, tamall bainte agam—agus níor mhór é—an t-am gur chuala an guth ar an dtaobh thuas díom. Is maith d’aithnigheas í agus go maithidh Dia dhom é! ní raibh mór-lorg agam ar an té do bhí ann; agus níor le gráin air é ach mar chuireadh sé díomhaoin gach lá me.
“Dhera, stad tamall, tá an lá fada,” arsan file agus é an uair so ó’n dtaobh adtuaidh de’n gcnoc an uair do bhraith sé mise.
“A’ bhficeann tú na clocha úd theas?” ar seisean. “Sin iad na ‘Sceallaga.’ Thug m’athair-se lá catha ionnta san.”
“Conus a thuit san amach?” arsa mise; ach má bhíos aineolasach le linn na ceiste do chur dom ní rabhas mar sin ’n-a dhiaidh sin, mar nár mhór an t-imníomh a bhí ar an bhfile gan san d’innsint dom agus a bholg anáirde le gréin aige.
“Corraí is ainm dos na gearrcaigh a bhíonn age sna gainnéid agus an uair a bhíd siad aibidh is saill iad go léir agus is ar an gcloich is lugha aca san a bheireann na gainnéid ar fad agus níl aon radharc ach a mbíonn de sna h-éin óga ann. Bhíodh bád agus dáréag fear innte ag faire na cloiche, í amuich ó’n maighistir talmhan agus iad díolta go maith.
“Insan am san do sheol bád mór ó Dhúnchaoin insan oidhche agus hochtar fear a bhí innti agus m’ athair-se ortha, agus níor stadadar nó gur bhaineadar amach an chloch ar ghealadh an lae. Do phreabadar anáirde agus do chromadar ar bheith ag bailiú go dtí an bád go tiugh; agus níor dheacair dóibh a n-ualach a bhailiú mar do bhí gach éan óg aca san comh trom le gé reamhar.