Page:An t-oileanach.djvu/18

This page has been validated.
8
AN t‑OILEÁNACH

mór le linn mise bheith im’ bháb insa tslí nárbh’ iongantas dom a bheith im’ peata eatartha. Ní raibh mór-shúil chuige liom san am gur bhuaileas chúcha.

Fear ná raibh árd dob’ eadh m’athair. É teann téagartha. Bhí mo mháthair i n‑aoirde póilín go rábach. Í scufánta, lúthmhar, láidir, fionna-ghléigeal ach le linn mise do bheith ar a brollach aici ní raibh an scamhárd ar an mbainne cích’; agus rud eile, me féin im’ ghamhain seana-bhó agus deacair a thógaint.

Tar éis an tsaoghail do bhí siotalacha breaghtha ag an rógaire báis ’á bhreith leis agus é ag tabhairt deire domh-sa, Is dócha gurbh’ amhlaidh nárbh’ fhiú leis me dh’aistriú. Bhíos ag dul i gcruadhacht agus me ag imeacht liom féin faid ba mhaith liom dul ach bhíodh faire amuich orm sara raghainn ar bhruach na mara. Cóta de ghlas na caorach orm agus caipín cniotálta; cineál agam ’á fhagháil: ubh circe, blúire ime, blúire éisc, báirneach agus miongán—blúire de gach ní ó fhairrge agus talamh.

Tigh beag caol gur mhaireamair ann. Luachair ó’n gcnoc air. Is minic a bhí nead circe anáirde ’n‑a dhrom agus dosaon ubh innti. Do bhí leabaidh socair insa chúinne ann agus dhá leabaidh i dtóin an tighe. Bhíodh dhá bhó ann, dhá mhuic, na cearca agus a gcuid ubh istigh, agus asal agus an méid seo againn féin. Do bhí cúl an tighe le muinntir, sé sin bhí a dhoras ó thuaidh agus doras na coda eile ó dheas.

Do bhí tigh eile os ár gcoinne amach agus a dhoras linn. Bhíodh lucht an dá thighe ag cainnt le n‑a chéile gach lá. Bhíodh bean an tighe sin gach uile nóimeat isteach agus amach chughainn-ne. Bhíodh rud éigin ’e bharra na dturus aici. Aithiseóir beag gliobach, buidhe, mí-dheas, gan toirt dob’ eadh í. Í scéalach, bothánach. Is minic adeireadh sí lem’ mháthair ná tógfadh Éire gamhain seana-bhó; agus is dócha ná raibh gamhain riamh age bó, chríona ná óg, ba thruaillithe ná í féin. Mar sin féin bhí croidhe maith aici.

Is gairid go rabhas ag eascar go maith agus go raibh an