Page:An t-oileanach.djvu/182

This page has been proofread.

ag an bhfear againn tar éis díol as an naomhóig. Daoine insa Daingean a bhíodh ’á gceannach an uair sin agus a thuille againn a chuireadh amach ’ár dtómas féin iad. Seilg deas dob’ eadh iad mar do bhí an meath dulta ar an iascach saighne san am san.

San am go raibh dosaon de naomhóga ag iascach ghliomach san oileán so ba chlos do dhream i Sasanna é agus do chuir cualacht aca bád umair ag friotháilt ar an áit—sin bád nó árthach go mbíonn slí ag an bhfairrge bheith isteach agus amach i gcuid d’á cabhail chun na gleamaigh a choimeád ’n-a mbeathaidh ann.

Do bhíos féin agus Paid Shéamais tugtha go maith dhóibh moch, déanach. Do bhíodh deich scillinge an dosaon ’á thabhairt ortha tamall maith de’n bhliain agus nuair a théighidís chun tirceacht do bhíodh scilling an ceann aca ’á thabhairt ortha. Do lean mar sin cúpla bliain nó trí agus do sheol cualacht eile i Sasanna bád eile go dtí an Blascaod agus scilling bhreise insa dosaon le fagháil uatha. Dob’ é an fear nua an fear, dar ndóigh, mór mhór nuair a thug sé an bhreis leis. Do chuaidh leath na naomhóg go dtí gach treibh aca d’fhonn iad a choimeád ag gluaiseacht.

Do bhí gleamaigh le fagháil go flúirseach san am úd. Níor mhór na blianta bhí caithte san am gur ghlaoidh báid ó’n bhFrainnc agus scilling ar gach breac i rith na bliana le tabhairt uatha aca. Sin mar bhíodar ag gluaiseacht nó go raibh an cúigiú cualacht ag séideadh na h-adhairce ar chósta an Bhlascaeid ag soláthar ghliomach.

Chaitheamair beagán blianta mar sin agus gan aon cheal scillinge ar na h-iascairí agus an bád ag teacht go bun an tighe chughainn agus an t-ór buidhe ar bórd chun díol as an seilg, d’á throime mar bheadh sé.

Le linn na gcúmplacht san do bheith ag cur na mbád úd chughainn iseadh bhí tosnú ar an gcainnt ar fuaid na hÉireann ar Rialtas Dúthchais d’fhagháil, nó Hóm Rúil mar tugtar air i dteangain éigin eile. Is minic adubhart féin leis na