Page:An t-oileanach.djvu/183

This page has been proofread.

h-iascairí go raibh Hóm Rúil tagaithe i gan fhios do mhuinntir na hÉireann agus gur sa Bhlascaod a bhí tosnaithe aici comh fada agus bhí ór buidhe Shasanna agus na Frainnce ag teacht ag ceannach ár gcuid éisc go bun an tighe chughainn agus sinn beag beann ar aenne.

Níl aon fhios cad d’fhág na longa úd d’ór agus d’airgead ar chósta Chiarraighe insan am úd agus ceannathóirí eile insa chuid eile de’n bhliain ag ceannach mairciréal agus longa gail aca ’á thiomáint úr ins gach áit. Do bhuail cúig nó sé de chéadtaibh mairciréal Bhealtaine liom féin oidhche insa Mhárta agus thugamair go dtí cé an Daingin iad. Fuaireamair cheithre púint an céad ortha.

An fhaid a bhí na longa san ag teacht ar an gcósta ní raibh ceal púint ar aon duine bocht ann. Do bhí na gleamaigh gach saosúr le fagháil. Do bhíodh iasc méirneála le fagháil insan oidhche tamall de gach bliain agus do dheinimís ana-lámh ortha mar do bhí na báid mhóra agus na fearaistí i bhfad againn tar éis na saighní do theip.

Do bhí bliain aca san gur dheineamair ana-lámh ar iascach na h-oidhche agus an uair do bhí sé leasaithe againn—cnocáin mhaithe dhe—ní raibh aon ghlaodhach i nDaingean Uí Chúise air. Do ghaibh tuairisc thríd an dtír go raibh ana-cheannaidheacht ar iasc i gCathair Uibh Ráthaigh mar go raibh iasc tearc ann. Annsan bhí criú an bháid againn-ne ag sporaidheacht ar a chéile gurbh’ olc an dream sinn ná líonfadh isteach ár mbád de, na seolta thabhairt di agus í scaoileadh treasna ó dheas trí Bhágh an Daingin agus gurb ann ba ghiorra do bheimís ag díol ár gcuid éisc.


Ar maidin Dé Luain do bhí chughainn do líonamair isteach an “Collach Dubh” de mhairciréil bhuidhe, iasc ná raibh mór ná garbh. Do bhí cóir ó dheas againn, lán na seolta de ghaoith adtuaidh, nó gur shroicheamair tigh an tsoluis atá i mbéal chuain Dhairbhre agus as san nó gur shroicheamair suas Cathair Saidhbhín.