Ar shroichstint cé na Cathrach dúinn do bhí a lán ag teacht fé ár ndéin. Do theastuigh uainn tuairisc do chur an raibh aon cheannathóirí éisc insan áit agus do bhí freagra le fagháil go raibh; agus do bhí cuid aca ar an bhfód. Do chrom fear aca ar bheith ag ceannach an éisc ach ba bheag é a thairiscint de bhreis ar mar cheapamair. Do ghaibh fear eile an tslip anuas agus do chuir míle fáilte romhainn, gotha agus imeacht an duine uasail air. Thug sé amach as an mbád sinn agus thug deoch dúinn agus do cheannuigh a raibh d’iasc sa bhád ar choróin an céad, agus thug leis chun lóistín go tigh a athar sinn i gceart-lár na Cathrach. Do chaitheamair biadh ann agus annsan do chuireamair ar láimh an t-iasc go dtí an bhfear a cheannuigh é agus an uair a bhíomair réidh le chéile agus sinn díolta aige, thug sé deoch agus deoch eile dhúinn agus ní thógfadh sé faic uainn.
Do bhaineamair tigh an ósta amach aríst agus do chuireamair i gcead fhir an tighe an mbeadh aga againn geádh a thabhairt fé’n sráid. Dubhairt sé go raibh breis agus uair a’ chluig agus gurbh’ ’in é ár ndóthain. B’eo le triúr againn i n-éineacht, mar do bhí an chuid eile ’gainn do bhí sa bád scoth-aosta agus níor theastuigh turusóireacht uatha. Do chuamair isteach i siopa breagh ólacháin agus d’fhéachamair timcheall ann. I gceann tamaill do bhuaileamair amach agus do bhíomair ag siubhal na sráide síos, suas dúinn féin. An uair ba mhithid do gach nduine bheith ag dul mar ar cheart dóibh é do chasamair ar thigh an lóistín agus timcheall leath-slí go dtí é ar chúinne sráide do bhuail triúr ban linn, an triúr ban dob’ acmhainnighe, ba threise agus ba bhreaghtha deilbh agus déanamh d’á bhfeacaidh triúr againn riamh.
Do bhí duine againn go raibh a cheann liath, agus níor le h-aois é, agus do labhair na mná leis. Béarla cruaidh do chuireadar air ar dtúis agus do bhí beagán de Bhéarla briste ag an bhfear liath ach ní thuigfeadh ar fónamh aon chuid de. An fear eile bhí orainn ní thuigfeadh san Béarla, briste ná slán. Do bhí an bhean fhionna-ruadh, do bhí ag cainnt