Page:An t-oileanach.djvu/187

This page has been proofread.

marcaidheacht go Dúnchaoin uaidh, me féin agus na giúirléidí do bhí bailithe agam sa bhaile mór. Ba mhaith uaidh sin agus ba mhór é mo bhuidheachas air. D’fhanas an oidhche sin ’n-a theannta i nDúnchaoin agus ar maidin an Domhnaigh bhí báid an oileáin amuich chun Aifrinn. Mo dhoigh! nuair a chualadar go raibh an bád eile sábhálta ar an ngóilín thall i nDairbhre do bhí áthas agus iongantas ortha.

Ar maidin Dé Luain do ghluaiseamair leis an mbád eile ó dheas hochtar againn innti chun go mbeadh ceathrar ins gach bád ag teacht. Ar shroichstint na h-áite theas dúinn do bhaineamair amach cé na Coise atá i nOileán Dairbhre agus do bhí an bád ann go slán romhainn. Tháinig fear leis an Rí chughainn, duine de lucht faire an chuain, agus do chuir ceist orainn ar linn-ne í. Dubhramair leis gur linn agus d’fhiafruigheamair de an raibh sí réidh againn chun breith linn; má bhí go mbuailfimís chughainn í ó bhí an tráthnóna breagh againn chun gabháil ó thuaidh; go raibh an chabhair lag againn chun an dá bhád mhóra a bhreith linn dá mbeadh aon ghairbhthean ar an bhfairrge ’ár gcoinne. Dubhairt sé linn nach aige féin a bhí aon teideal ar an mbád ach go raibh ’á haodhaireacht; gurb é sagart paróiste an oileáin gur caitheadh suas air í, agus go gcaithfimís é sin ’fheiscint.

Ní raibh an Sagart Paróiste sa bhaile chuige agus toisc gur mar sin do bhí an scéal b’éigean dúinn lóistín a thógaint i gCathair Saidhbhín an oidhche sin. An tigh céadna go rabhamair roimis sin ann do bhaineamair amach. Do chuir beirt aosta an tighe fáilte rómhainn. Barra na cluaise bhaint díom, ó lasadh soillse, nár mhór an tsráideóireacht a dheineamair insa Chathair an oidhche sin.

An uair fháisceamair suas sinn féin ar maidin is é an deoch an chéad rud a chuaidh ar ár gcroidhe; an biadh ’n-a dhiaidh agus sinn ag tógaint gach ní comh breagh, comh bog agus gur ag calath an Bhlascaeid a bheimís.

“Bhur n-anam agus bhur gcorp!” arsan captaen.